Niamh · Peter O'Leary

Chapter 17: Caibidiol Xvii

“BÍODH CIALL AGAT.”

Do cuireadh rásana ar bun. Na giollaí turais isiad ba mhó a chuaidh ag ruith na rás. Cheap Conn go mbainfeadh sé cuid de’n mhóráil d’ “Fhear na gCos,” dar leis. Chuaidh sé isteach ar na rásanaibh. Níor chuaidh Caoilte isteach ortha i dtusach. D’ fhág sé ag na giollaíbh eile iad. Níor dhein Conn a dhícheal i dtusach. Do leig sé bár le duine des na giollaíbh. Ar ball do deineadh tathant ar Chaoilte dul isteach. Do chuaidh. Do rith Conn i dtreó gur choimeád sé suas le Caoilte, le “Fear na gCos,” dar leis. Níor bh’fhada gur fhág an bheirt na giollaí lastiar díobh ar fad. Do ghéaruigh Conn. Má ghéaruigh do choimeád Caoilte suas leis. Do ghéaruigh sé tuille. Má ghéaruigh do choimeád Caoilte suas leis. Do ghéaruigh sé go dtí ná raibh ann géarughadh a thuille. Choimeád Caoilte suas leis. Ansan d’fháisg Caoilte chun an reatha agus do ghluais sé amach ó Chonn i dtreó gur dhóich leis na daoine ná raibh Conn ag ruith i n-aon chor! Do stad Conn. D’eirigh an liú ó n-a raibh ag feuchaint ortha i dtreó gur chrith an talamh fé chosaibh na ndaoine go léir. Ní de Chaoilte a baineadh an mhóráil ach de Chonn, agus do baineadh an mhóráil i gceart dé.

“Seadh!” adeireadh na h-uaisle eile leis agus iad ag gáirí, “siné ‘Fear na gCos’ agat! Siniad na cosa buídhe árda agat! Má táid siad fada tá fuinneamh ionta. Is uathbhásach an ruith atá aige. Ní fheaca a leithéid de chuisidheacht i gcosaibh duine riamh.”

Do críochnuigheadh an spórt. Bhí Conn agus na h-uaisle eile a bhain le teighlach Thaidhg Móir uí Chealla ag caint agus ag trácht ar an ngníomh uathbhásach reatha a dhein Caoilte. Cé chífí ag teacht fé n-a ndéin ach Caoilte féin. Do bheannuigh sé dhóibh. Bheannuighdar dó. Dheineadar raint cainte. Níor labhair Conn sa chaint. Bhí sé gruama, dothíghsach go maith. Fé dheire do labhair sé as a mhachtnamh féin, agus ní ró chneasda an focal a dúbhairt sé.

“Má tá teachtaireacht agat ó Bhrian, a ghiolla,” ar seisean, “b’ fhearra dhuit imtheacht agus an teachtaireacht a thabhairt. Ní maith an teachtaire teachtaire ríghin.”

“Ní’l aon teachtaireacht agam ó Bhrian, a rígh,” arsa Caoilte.

“Ó, an eadh?” arsa Conn. “Níor mheasas go bhféadfadh aon ghnó eile thu thabhairt anso ach teachtaireacht éigin a bheith agat ’á thabhairt ó Bhrian ag triall ar Thadhg Mhór ua Chealla.”

“Tá faobhar ar do ghuth, a rígh,” arsa Caoilte. “Ní’l aon ghádh leis an bhfaobhar. Má bhuadhas ort ba chóir go bhféadfá é dh’ fhulang mar a dhéanfadh fear. Ní dócha gur b’ amhlaidh a mheasfá dhom gan mo dhícheal a dhéanamh.”

“Ní tu buachtaint orm sa ruith atá ag déanamh aon bhuartha dhom, a ghiolla,” arsa Conn. “Ní raibh aon cheart agam dul sa ruith i n-aon chor. Ní ró mhaith a dheineas é agus mé féin a chur i gcomparáid le giolla turais.”

B’ fhuiriste aithint air go raibh árd fhearg air. Bhí an chaint ’ghá thachtadh ba dhóich leat. Chaitheadh sé stad idir gach aon dó nó trí fhocalaibh le tocht feirge.

“Tá fearg ort, a rígh,” arsa Caoilte. “Ní fheicim cad fhéadfadh an fhearg a chur ort ach mise do bhuachtaint ort sa ruith. Ní bhuadhfainn ort mura mbéadh tu theacht am’ choinnibh sa ruith. B’fhéidir nár bh’ fhearra dhúinn rud a dhéanfaimís ’ná sinn féin a thriail i ngníomh éigin eile. B’fhéidir dá dtrialaimís sinn féin i ngníomh éigin eile go bhfaghfá an lámh uachtair orm agus ansan go n-imtheóch’ an fhearg díot.”

Níor fhéad na h-uaisle eile gan sgeartadh gáire dhéanamh, do labhair Caoilte chómh réidh sin agus an fhearg chómh fíochmhar san ar an bhfear eile.

“Dá mba mhac rígh thu,” arsa Conn, “níor mhiste dhuit labhairt ar an gcuma san. Agus dá mba mhac rígh thu níor mhiste dhuit, b’fhéidir, bheith ag teacht anso ar an ngnó a thugan ann tu. Ach giolla turais!”

Níor thug Caoilte freagra ar an gcaint sin. D’iompuigh dath bán ar a ghnúis. D’fheuch sé n-a thímpal ar na h-uaislibh eile. Bhí Niamh agus a h-athair ag éisteacht leis an gcaint. Ní fheidir sé cad ba mhaith dhó a rádh ná cad ba mhaith dhó a dhéanamh. Bhuail Niamh chúcha anall go breagh réidh. Bhíodar go léir ag úmhlúghadh dhi láithreach.

“A Chuinn,” ar sise le Conn, “tá gnó éigin ag Brian díot-sa. Oirean dómh-sa leis dul chun cainte leis. Fan liom ansan tamal beag agus beidh mé i n-aonfheacht leat ag dul ag triall air. Tar-sa a leith anso go fóil, a ghiolla,” ar sise le Caoilte. “Tá teachtaireacht agam le tabhairt duit.”

Nuair a bhí sí féin agus Caoilte a’ raon na gcluas do labhair sí.

“A Chaoilte,” ar sise, “tabhair aire agus ná leig ort go gcuirfidh an nídh atá agam le rádh leat aon iongnadh ort. Táid na h-uaisle sin go léir ag faire orainn. Tá fhios agam-sa cad a thugan anso thu. Agus tá fhios ag Conn cad a thugan anso thu. An nídh céadna a thugan anso é féin, agus tuille acu. Mheasas go dtiocfadh liom a chur ’n-a luíghe ar a n-aigne, gan a bheith orm labhairt, gur gnó gan éifeacht an gnó atá ’ghá dtabhairt anso. Táim-se ceapaithe, a Chaoilte, ar mo shaoghal do chaitheamh ag tabhairt aire dom’ athair an fhaid is toil le Dia é féin agus mise dh’ fhágaint ar an saoghal. Má’s ar m’ athair is túisge a ghlaodhfaidh Dia, fanfad singil ar an saoghal so go leanad é.--Imthigh anois, a Chaoilte, agus bíodh mo bheannacht agat, agus má’s maith leat pósadh cuimhnigh ar mhnaoi éigin eile. Imthigh leat láithreach, i dtreó go measfar gur ad’ chur ar theachtaireacht atáim.”

D’imthigh Caoilte.

D’fhill Niamh ag triall ar na h-uaislibh a bhí ag feitheamh léi.

“Téanam, a Chuinn,” ar sise le Conn. Thugadar aghaidh ar phubal Bhriain.

Mac drithár céile do Bhrian ab eadh Conn. Drifiúr do Mhaolruanaidh na Paidre, do rígh Ua bhFiachrach Áidhne, ab eadh an chéad bhean a bhí pósta ag Brian. B’í sin máthair Mhurchadh, agus ba léi tuille de chlainn Bhriain, leis.

Nuair a thánadar chun cábáin Bhriain chonacadar Murchadh agus beirt nó tríur d’ uaislibh Dál gCais ’n-a seasamh lasmuich de’n chábán.

“D’ oirfeadh dúinn labhairt leis an rígh, a Mhurchadh,” arsa Niamh.

“Anois díreach a thánamair uaidh, a rígan,” arsa Murchadh. “Dé bheata-sa, a Chuinn,” ar seisean. “Raghad isteach, a rígan,” ar seisean le Niamh, “agus neósfad dó thu bheith anso. Ní’l aoinne i n’ fhochair istigh ach Maolshuathain, an sagart.”

B’é Maolshuathain anamchara Bhriain. Anamchara a tugtí an uair sin ar oide faoisdine.

Chuaidh Murchadh isteach. Níor bh’fhada gur fhill sé amach.

“Téanam, a rígan,” ar seisean le Niamh.

Chuaidh Niamh isteach agus do fágadh Conn amuich. D’úmhluigh sí do Bhrian mar ba cheart, agus d’úmhluigh sí do Mhaolshuathain. Ansan do labhair sí.

“Thánag ag triall ort, a rígh,” ar sise le Brian, “chun go n-iarfainn ort congnamh a thabhairt dom feuchaint a’ bhféadfainn a chur fhiachaibh ar chuid d’ ár n-uaislibh óga bheith síthchánta le n-a chéile.”

“Ba chóir, a ’nghean ó,” arsa Brian, “nár bheag dóibh na Lochlanaigh a bheith le troid acu agus gan bheith ag troid eatartha féin. Cad é an congnamh is dóich leat a dh’fhéadfainn a thabhairt duit, a Niamh?”

“Ní ró fhuiriste dhóm ainim a chur ar an gcongnamh, a rígh,” arsa Niamh, “ach táim ’ghá thabhairt fé ndeara go bhfhuil cuid acu go fíochmhar agus go feargach le n-a chéile, agus measaim gur mise fé ndeár é.”

“Ó, tuigim,” arsa Brian. “Éad atá ortha. Measan gach fear acu gur aige féin is ceart tu bheith mar mhnaoi, agus tá sé i rachtaibh an anama bhaint as aon fhear eile a dhéanfadh oiread agus feuchaint ort.”

“Cúis gháire chúgainn, a rígh,” arsa Niamh, agus go gháir sí féin, “is cruinn díreach a bhuailis do mhéar air!”

“Ba dhóich liom, a Niamh,” arsa Brian, “ná fuil aoinne chun an sgéil sin do shocarughadh ach tusa féin, agus d’á luighead baint a bheidh agam-sa ná ag aoinne eile leis an sgéal gur b’ eadh is fearr a dhéanfair é shocarughadh. Inis dóibh lom díreach cé ’cu dhíobh a phósfair. Gabhaim-se orm go gcuirfidh san deire leis an imreasán.”

“Do chuirfeadh gan amhras, a rígh, san deire leis an imreasán,” ar sise, “ach ní féidir dom san a dh’innsint dóibh, mar ní phósfad aoinne acu. Tá m’ aigne socair, a rígh,” ar sise, “ar gan pósadh choídhche.”

Do stad sí. Níor labhair aoinne ar feadh tamail. Ansan do labhair Brian.

“Déanfad-sa aon nídh is maith leath, a ríghan,” ar seisean.

“Tá duine acu anso amuich, a rígh,” ar sise, “agus dá mb’ áil leat glaodhach isteach air agus a rádh leis ciall a bheith aige. Gaol duit féin iseadh é. Mac do rígh Ua bhFiachrach Áidhne iseadh é. Do labhair sé go h-ana fheargach o chiainibh le duine eile.”

Do glaodhadh isteach ar Chonn. Nuair a tháinig sé isteach do labhair Brian leis.

“A Chuinn, a mhic ó,” ar seisean, “mheasas go raibh ciall agat-sa.”

Ní fheidir Conn an tsaoghal cad é an bun a bhí leis an gcaint. Níor labhair sé.

“Do h-iaradh orm labhairt leat agus a rádh leat ciall a bheith agat,” arsa Brian agus é ag gáirí.

Níor labhair Conn focal. Ní fheidir sé cad ba cheart dó a rádh, agus cheap sé gur bh’fhearr éisteacht.

Do labhair an sagart.

“B’fhéidir nár bh’fhearr rud a déanfaí’ná an ceann a bhaint de’n sgéal duit, a Chuinn,” ar seisean.

“Leig dómh-sa imtheacht, a rígh,” arsa Niamh.

Chrom Brian a cheann chúichi, agus d’ imthigh sí amach.

“Do labhrais go feargach ó chiainibh, a Chuinn,” arsa’n sagart. “Is dócha go bhfuil fhios agat féin cad é an chúis a bhí agat leis an bhfeirg. Ní’l agam-sa le rádh leat ach an méid seo. Tá socair ’n-a h-aigne féin ag inghín Thaidhg Mhóir uí Chealla gan pósadh choídhche.”

“Siné cúis, a Chuinn,” arsa Brian, “gur h-iaradh orm-sa labhairt leat-sa agus a rádh leat ciall a bheith agat.”

“Agus, a Chuinn,” arsa’n sagart, “féadfair-se a dh’innsint d’á thuille, fé mar a thuigfir féin gur gádh é, ná fuil aon bhreith ag aon fhear go deó ar inghín Thaidhg Mhóir a dh’fhághail le pósadh.”

“Imthigh leat anois, a mhic ó,” arsa Brian, “agus bíodh ciall agat.”

D’imthigh Conn gan labhairt. Bhí sé ag dul ó dhearg go bán agus ó bhán go dearg an fhaid a bhí sé ag éisteacht leó, agus ansan d’imthigh sé gan labhairt.

Dhein sé an rud a dúbhradh leis, ámhtach. D’inis sé an rud a h-innseadh dó. As san amach níor deineadh a thuille éada mar gheall ar Niamh. Má ’seadh, níor luíghduigh san an uraim a bhí acu go léir di. Ba dhóich leat gur mhéaduigh sé an uraim. Má bhíodar úmhal di roimis sin ba dhóich leat gur mhéaduigh ar an úmhluigheacht acu ’n-a dhiaigh san. Má bhíodar ollamh roimis sin ar gach aon nídh a dhéanamh ar an gcuma ba dhóich leó dob’ fhearr a thaithnfeadh léi, bhíodar níba thugtha ’n-a dhiaigh san chuige, agus rud ab fhearr ’ná gach nídh eile, ní raibh sgamal an éada ag dorchughadh gach maitheasa acu agus ag séideadh miosgaise suas eatartha.

Ba ró mhaith an bhail ortha féin an sgéal a bheith mar sin acu. Bhí a tuisgint chómh h-aibigh sin ag Niamh, agus a h-eólus ortha chómh cruinn sin, nár thúisge a bhíodh gádh ag duine acu le cómhairle leasa ’ná mar a thuigeadh sise an gádh. Ansan, ní túisge a thuigeadh sí an gádh ’ná mar a thugadh sí an chómhairle. Bhí sí chómh doimhinn chómh gasta san go dtugadh sí an chómhairle ar shlígh nár bhaoghal aon ghortughadh dhéanamh. Bhí sí ana chneasta leó, ana aicilíghe, ana shéimh. An t-aimhleas n-a mbéadh duine acu lán cheapaithe ar é dhéanamh bhéadh sé curtha dhé aici sar a’ mbéadh fhios aige go raibh sí ’ghá chur dé i n-aon chor, agus an gníomh fóghanta n-a mbéadh duine acu lán cheapaithe ar gan é dhéanamh bhéadh sé meallta aici chun an ghnímh sin a dhéanamh sar a’ mbéadh fhios i gceart aige cad a bhéadh ar siúbhal aici.

Is ’mó tairbhthe a dhein sí, ar an gcuma san, do Bhrian. Do thuig Brian féin a lán de’n tairbhthe sin, ach bhí mórán de ná raibh aon phioc eóluis aige air. Bhíodh cosg curtha aici le droch obair go minic sar a’ mbíodh uain ag an ndroch obair ar theacht, agus an droch obair a bhíodh tagaithe, is minic a bhíodh sé curtha ar neamhnídh aici, curtha soir siar aici, sar a’ mbíodh uain aige ar aon díobháil a dhéanamh, nó sar a’ mbíodh uain aige ar phuínn díobhála dhéanamh.

Bhí uraim thar bár ag Brian di, agus ag an ríogra go léir di. Ach bhí fuath nímhneach ag Gormfhlaith dhi.