Niamh · Peter O'Leary

Chapter 16: Caibidiol Xvi

FEAR NA gCOS.

An fhaid a bhí an mhór-shluagh ag dul ó Cheann Cora soir óthuaidh go Teamhair, bhí Meargach agus na gaibhní ab fhearr a bhí aige i bhfochair an tslóigh. Bhí seacht cinn de cheártanaibh aige agus iad ar rothanaibh agus na gaibhní ag obair ionta. Ceárta acu ag gabháil le gach cath des na seacht cathanaibh. Tháinig gaibhní ó’n mbaile le cuid des na cathanaibh, ach nuair a tháinig na cathana go léir i bhfochair a chéile do cuireadh na gaibhní go léir fé smacht Mheargaigh. Bhí siúinéirí, leis, ann chun pé obair adhmaid a bhéadh riachtanach do dhéanamh. Agus bhí mná uaisle ann, mná agus deirbhshéracha agus ingheana na ríghthe agus na dtaoiseach a bhí ar na cathanaibh. Bhí ana thuisgint ag na mnáibh uaisle sin ins gach nídh a bhain le h-aireachas a thabhairt do dhaoine gunta, agus thugadar leó ó’n mbaile na córacha a bhí riachtanach dóibh chun na h-oibre sin. Thug gach bean uasal díobh léi, leis, raint ban eile mar sheirbhíseacha agus bhí na mná go léir, idir sheirbhíseacha agus mná uaisle, ana thuisgionach sa ghnó a bhí le déanamh acu. Measaim, nuair a bhíodh cath ar siúbhal, gur bh’fhearr an t-aireachas a thugadh na mná san an uair sin dos na fearaibh gunta ’ná mar a tugtar anois dóibh nuair a bhíon cath ar siúbhal. Is dóich le liaghaibh agus le dochtúiribh na h-aimsire seo gur mó agus gur fearr go mór an t-eólus atá acu féin ’ná mar a bhí ag aoinne sa tsean aimsir. Tá dearmhad mór ortha. Imtheóchaidh garsún anois agus foghlumóchaidh sé raint bheag Laidne. Ansan imtheóchaidh sé isteach i gcoláiste éigin. Tabharfaidh sé formhór na h-aimsire sa choláiste sin ag imirt chártaí agus ag cuideachtanas agus ag ól. Déanfaidh sé iaracht ar cheisteanaibh áirighthe do thógaint agus ar iad do fhreagairt. Ansan tiocfaidh sé chúghainn amach agus é n-a dhochtúir! Ansan beidh ár n-anam i láimh an dochtúra san! Bhí níos mó eóluis ag cuid de mhnáibh na sean aimsire ’ná mar atá ag formhór na ndochtúirí seo anois againn. Eolus as leabhraibh atá acu so. Eolus as an obair a bhí acu súd. Do fuaradh an t-eólus as an obair. Choimeád na mná é agus thugadar d’á n-ingheanaibh é, agus bhí an obair agus an taithighe ’ghá chur i méid agus i gcruinneas ó shliocht go sliocht. I n-éaghmuis an eóluis a bheith ag na mnáibh bhí deimhne eile ag fearaibh gunta ins na seana chogaíbh úd ar aireachas maith a dh’fhághail. Na mná a bhíodh ag tabhairt an aireachais dóibh b’ iad a ngaolta féin iad, a mná pósta nó a ndeirbhshéracha.

Bhíodh na giollaí turais go líonmhar i gcómhnuíghe i n-armáil Bhriain. Bhídís ag gluaiseacht ar an uile shaghas teachtaireachta ó Bhrian chun na mbuidhean eile de’n tsluagh nó chun na n-uasal a bhíodh sa chómharsanacht. Bhídís roimis an sluagh amach ag réidhteach na mbóithre nó ag déanamh an eóluis, ’ghá dhéanamh amach ciacu bóthar ab fhearr nó ba réidhe nó ba chómhngaraíghe. Mar sin ní bhídís choídhche daingean i n-aon áit amháin de’n tsluagh. Bheireadh a ngnó sa tímpal iad i dtreó go mbídís tamal ins gach aon bhuidhin.

Níor bh’ fhada gur tugadh fé ndeara go mbíodh Caoilte i mbuidhin Thaidhg Mhóir uí Chealla níba mhinicíghe go mór ’ná mar a bhíodh sé i n-aon bhuidhin eile, pé cúis a bhí aige leis. Bhíodh daoine ’ghá fhiafraíghe d’á chéile cad iad na teachtaireachtaí móra a bhíodh ag Brian le cur, chómh minic sin, ag triall ar Thadhg Mhór ua Chealla seachas aon rígh eile d’á raibh ar an sluagh. Ansan do tugtí mar fhreagra ar fhiafraighe de’n tsórd san: “Nách ’mó gnó a bhéadh ag giolla turais i mbuidhin Thaidhg Mhóir uí Chealla i n-éaghmais aon teachtaireacht a thabhairt ó’n rígh?”

Ansan déarfadh duine eile: “Bíon daoine nách giollaí turais ag teacht chun buidhne Thaidhg Mhóir uí Chealla.”

“Bíon go díreach,” a déarfadh duine eile, “agus ní ró mhór an fháilte a bhíon ag uaislibh buidhne Thaidhg rómpa.”

“Cad é an chúis ná béadh fáilte ag uaislibh buidhne Thaidhg rómpa, airiú?” adéarfadh áilteóir a bhéadh ’ghá leigint air nár thuig sé an sgéal.

“Oidhe, nách neamh-thuisgionach an duine thu!” a déarfadh duine eile. “Ná fuil fhios agat go maith conus mar atá an sgéal ag uaislibh óga Conacht i dtaobh inghíne Thaidhg? Go bhfuil gach aoinne acu ag cailleamhaint a mheabhrach a d’iaraidh go bhfaghadh sé féin í le pósadh. Táid siad i rachtaibh an anama bhaint as a chéile mar gheall uirthi, ach nuair a thagan aon fhear iasachta isteach sa bhuidhin bíd siad go léir i n-aonfheacht i rachtaibh an anama bhaint as san.”

“Agus ar ndó’ tá fhiós ag an saoghal,” adéarfadh duine eile as a mhachtnamh, “nách í Niamh atá ag tarang Chaoilte chun buidhne Thaidhg Mhóir.”

“Dar fiadh,” a déarfadh duine eile, “ach má thuigid uaisle óga Conacht agus na h-uaisle óga eile gur mar gheall ar Niamh atá Caoilte ag dul chómh minic chun na buidhne sin beidh an sgéal go h-olc aige sar a gcuirfidh sé puínn eile aimsire dhé.”

“Tá an sgéal go h-áiféiseach acu go léir,” a déarfadh duine eile. “Ní’l blúire binne ag Niamh ar aoinne acu, amuich ná i mbaile. Is measa léi a h-athair ’ná aon fhear beó, uasal ná íseal.”

Sin mar a bhídís ag caint agus ag cur thré chéile. An fhaid a bhí an mhór-shluagh ag gabháil óthuaidh ó Cheann Cora go Teamhair ní ró mhór an suim a curtí sa chaint. Bhí tuairim ag na fearaibh go mb’ fhéidir go raibh obair throm rómpa, cathana fuilteacha b’fhéidir. Nuair a bhí an chuaird tabhartha agus an tsíthcháin déanta agus an mhór-shluagh ag filleadh go Ceann Cora bhí aigne gach aoinne saor ó bhuaireamh agus bhí gach aoinne níba thugtha do shult ’ná do ghruaim. Do thuig na ríghthe agus na taoisigh, ó bhí san mar sin, gur cheart spórt agus caitheamh aimsire chur ar bun, i dtreó, nuair a stadfaí i gcóir na h-oídhche i gcómhnuighe, go mbéadh rud éigin chun daoine choimeád go suairc agus go sultmhar. Do cuireadh a lán neithe ar siúbhal. An ghleacaidheacht úd a bhíodh i gCeann Cora do cuireadh ar siúbhal raint di. Bhíodh rith agus léimreach agus iomrasgáil ar siúbhal, agus caitheamh cloch araige, agus a lán cleasaidheachta a thaisbeánfadh neart agus fuinneamh. Bhíodh uasal agus íseal measgaithe ar a chéile sa ghleacaidheacht. Uaireanta bhíodh buadh ag an uasal agus uaireanta bhíodh buadh ag an íseal.

Bhí ógánach uasal ar teighlach Thaidhg Mhóir uí Chealla agus Conn ab ainim dó. Thug sé fé ndeara Caoilte ag teacht chómh minic chun teighlaigh Thaidhg Mhóir. Níor thaithn san leis. Ní leigfeadh sé air, ámhthach, gur bh’ aon éad a bhí air. Is amhlaidh a bheidhfí ag magadh faoí dá leigeadh. Níor fhág san é gan a thaisbeáint nár thaithn an giolla turais leis. Thug sé leasainim air, “Cosa Buídhe Árda.”

“Feuch,” adeireadh sé, “tá Cosa Buídhe Árda chúghainn.” Thugadh sé “Caoilte Cosach,” leis, air, agus “Fear na gCos.”

Mac ab eadh an Conn san do Mhaolruanaidh na Paidre, rígh Ua bhFiachrach Áidhne, agus ógánach ana chródha ab eadh é. Bhí sé go maith ar an uile shaghas gnímh, ach bhí sé thar bár i ngníomh reatha nó i ngníomh iomrasgála.