Ba mhór an radharc an mhór-shluagh san. Bhí seacht cathana ann agus bhí os cionn trí mhíle fear ins gach cath acu san. Bhí gach cath fé n-a ríogra féin.
Bhí Cian mac Maolmuaidh ann, ó Uíbh Eachach Múmhan, agus Dómhnall mac Duibh, agus bhí trí mhíle fear acu. Bhí rígh na nDéiseach ann, Mothla mac Faoláin, agus trí mhíle fear aige. Bhí Loíngseach mac Dúlaing ann, rígh Uíbh Chonaill Ghabhra, agus trí mhíle fear aige. Bhí Mac Beathach, rígh Ciarraighe Luachra ann agus trí mhíle fear aige. Bhí Tadhg Mór ua Cealla ann ó Uíbh Máine agus trí mhíle fear aige. Bhí na ríghthe agus na h-uaisle ann ó gach aon pháirt de Leath Mhogha, na ríghthe agus na h-uaisle a bhíodh ag cur cogaidh ar a chéile agus ag marbhughadh a chéile agus ag dísgiughadh a chéile ar gach aon tsaghas cuma go dtí gur chuir Brian smacht ortha, agus gur chuir sé fhiachaibh ortha, d’á lom deirig aimhdheóna, a leas a dhéanamh agus leas a ndaoine do dhéanamh agus cur le chéile i n-aghaidh namhad iasachta.
Dob’ áluinn an radharc iad, ag gluaiseacht soir óthuaidh fé dhéin na Teamhrach. Dob’ uasal an radharc iad. Ba chómhachtach an radharc iad.
Thánadar i gcómhngar na Teamhrach. Chuir Brian teachtairí ag triall ar Mh’lsheachlainn, ’ghá rádh gur bh’ é toil fear Éirean go ndéanfadh M’lsheachlainn sgaramhaint leis an Árdrígheacht i dtreó go dtabharfaí do Bhrian í. Gur bh’ é cúis a bhí ag fearaibh Éirean leis sin ’ná a luighead a bhí déanta ag M’lsheachlainn, i gcaitheamh na h-aimsire a bhí sé i n’ Árdrígh, chun na Lochlanach a dhíbirt a’ h-Éirinn agus chun cómhacht na h-Éirean do chur le chéile ’n-a gcoinnibh. Go raibh Brian tar éis cómhacht na Lochlanach do chur ar neamhnídh i Leath Mhogha. Dá mbéadh sé i n’ Árdrígh ar Éirinn an fhaid a bhí sé ’n-a rígh ar Leath Mhogha go mbéadh cómhacht na Lochlanach curtha ar neamhnídh aige ar fuaid na h-Éirean go léir. D’á luathacht a tabharfaí Árdrígheacht na h-Éirean dó anois gur bh’eadh ba luatha a bhéadh cómhacht na Lochlanach ar neamhnídh. D’á bhrígh sin nár bh’ fholáir do Mh’lsheachlainn sgaramhaint leis an Árdrígheacht i dtreó go dtabharfaí do Bhrian í. Dá mba rud é ná toileóch’ M’lsheachlainn chuige sin nár bh’fholáir d’ fhearaibh Éirean a iaraidh ar Bhrian an Árdrígheacht a thógaint do thoradh catha.
Thug M’lsheachlainn freagra ar na teachtairíbh.
“Is liom-sa an Árdrígheacht,” ar seisean, “agus coimeádfad í. Ní’lim ollamh anois láithreach chun catha agus cruadh-chómhraic a dhéanamh chun í choimeád. Tháinig Brian anso agus mór-shluagh aige. Thóg sé a aimsir féin chun é féin d’ ollamhughadh agus do chur i dtreó. Tugtar dómh-sa mí ó’n lá indiu chun mo nirt do chruinniughadh. Má fhéadaim mo neart do chruinniughadh tabharfad cath do Bhrian agus d’á mhór-shluagh. Má theipean orm an neart a dh’oirfeadh dom do chruinniughadh tabharfad an Árdrígheacht do Bhrian. Má toilighean Brian chuige sin iartar air fanamhaint i dTeamhair agus a shlóighte do chosg ar chreachadh ná ar argain a dhéanamh ar an dtír mór-thímpal.”
Thoiligh Brian agus d’órduigh sé na slóighte do chosg ar aon díobháil a dhéanamh do’n chómharsanacht.
Chuir M’lsheachlainn a theachtairí ag triall ar ríghthibh agus ar uaislibh Leath Chuinn ’ghá iaraidh ortha teacht agus Árdrígh Éirean do chosaint i gcoinnibh Bhriain. Thugadar go léir caint bhreagh bhog réidh dos na teachtairíbh, ach níor ghealladar aon chongnamh a thabhairt. Dúbhairt cuid acu nár mhór dóibh aimsir a thógaint chun an sgéil a bhreithniughadh. Dúbhairt cuid acu go gcaithfí a leathsgéal a ghabháil mar ná raibh ar a gcumas teacht an uair sin le h-aon chongnamh. Dá nglaoidhtí bliain roimis sin ortha, nó i gceann bliana ’n-a dhiaigh san, go mb’ fhéidir go bhféadfaidís rud éigin fóghanta dhéanamh. Ach an uair sin; dá mbéadh fhios ag M’lsheachlainn féin conus a bhí an sgéal acu ná cuimhneóch’ sé ar a iaraidh ortha teacht ag triall air.
Nuair a h-iaradh ar Aodh ua Néill teacht dúbhairt sé, go tur, nuair a bhíodh Teamhair agus Árdrígheacht Éirean agá thaobh féin de shliocht Néill go ndéinidís Teamhair agus Árdrígheacht Éirean do chosaint ar namhdaibh iasachta agus ar Leath Mhogha Nuadhat. Dá mbéadh an Árdrígheacht acu anois go ndéanfaidís an chosaint chéadna. B’é sin le rádh, mura raibh M’lsheachlainn ábalta ar an Árdrígheacht do chosaint nár bh’fhearra dhó rud a dhéanfadh sé ’ná í thabhairt do’n fhear a chosnoch’ í; nó í thabhairt do Bhrian.
Nuair a fuair M’lsheachlainn nár bh’ aon mhaith dhó bheith ag brath ar chongnamh ó-s na ríghthibh thuaidh isé rud a dhein sé ’ná dírim beag marcach a thabhairt leis agus teacht chun cainte le Brian. Do ghlac Brian é le h-uraim agus le mórchroídhe. D’inis sé do Bhrian conus a bhí caillte air ag ríghthibh leath Chuinn agus an easonóir a bhí tabhartha ag Ua Néill dó.
“Ní foláir dom géilleadh dhuit, a Bhriain,” ar seisean, “nuair ná fuil ar mo chumas cur ad’ choinnibh.”
Do stad Brian agus dhein sé a mhachtnamh.
“A Árdrígh,” ar seisean, “ní h-alaidh dhómh-sa aon éagcóir a dhéanamh ort. Má’s toil le fearaibh Éirean an Árdrígheacht so thabhairt dómh-sa isé a gceart í thabhairt dom. Má ’sé a dtoil í choimeád agat-sa isé a gceart í choimeád agat. B’fhéidir ná fuil fios aigne fear Éirean fós agat-sa ná agam-sa sa sgéal. I dtreó nách féidir choídhche a rádh gur dhéineas éagcóir ort socaruighmís mar seo é. Bíodh bliain agat chun do nirt a chruinniughadh agus chun tu féin a chur i dtreó. Ansan, má bhíon tú ábalta air, cosain tú féin orm.”
Bhí iongnadh a chroídhe ar Mh’lsheachlainn nuair airigh sé an chaint sin.
“Tá go maith, a rígh,” ar seisean. “Is fial an socarughadh é!” ar seisean. “Mura mbéad-sa ábalta an uair sin ar mé féin a chosaint ort-sa tabharfad an Árdrígheacht duit gan chosnamh, agus tabharfad geill anois duit go seasóchad an socarughadh san.”
“Ní iarfad-sa aon gheall ort,” arsa Brian, “ach do bhriathar rígh.”
Ansan do bhronn Brian dhá chéad agus dachad capal, des na capailibh ab fhearr a bhí aige, ar Mh’lsheachlainn, agus thug sé seóid éigin uasal do gach fear des na fearaibh a bhí i n’ fhochair, agus do sgaradar, agus tháinig Brian agus a mhór-shluagh abhaile go Ceann Cora.
Tá adhbhar machtnaimh sa méid sin gnótha agus is fiú an gnó machtnamh a dhéanamh air. Bhí mór-shluagh ag Brian. Ní raibh aon neart slógh ag M’lsheachlainn. Cad ’n-a thaobh nár dhéin Brian prísúnach de Mh’lsheachlainn láithreach bonn, agus an Árdrígheacht do thógaint chuige féin? Cad a déanfaí thall i Sasana aon lá le h-ocht gcéad blian dá mba thall i Sasana bhéadh an t-imreas ar siúbhal? Cad a dhein an ceathramhadh Hamhrí, an fear ar a dtugtí Bolingbroke, nuair a bhain sé rígheacht Shasana de’n tarna Risteárd? Dhein sé prísúnach láithreach de’n tarna Risteárd agus ansan níor bh’ fhada gur mhairbh sé é. Ní fhéadfadh sé a thuisgint i n’ aigne go raibh sé féin ó bhaoghal ná go raibh greim ceart ar an rígheacht aige go dtí go raibh Risteárd curtha chun baís aige. Feuch ar an dtrímhadh Risteárd, thall i Sasana. Chun teacht ar rígheacht Shasana agus chun na rígheachta choimeád dó féin do mhairbh sé a ghaolta go léir díreach mar a mharbhóch’ búistéir muca! Feuch siar ortha go léir, ó’n lá a tháinig Uilliam agus a shluagh Nórmánach isteach, go dtí gur bhain na daoine an chómhacht as a lámhaibh ar fad nách mór, agus nár fágadh acu ach ainim na cómhachta. Cad a bhí acu ’á dhéanamh i gcaitheamh na h-aimsire go léir ach ag sádh a chéile agus ag tachtadh a chéile ag baint na rígheachta d’á chéile!
Cad ’déarfadh duine acu súd dá n-airigheadh sé an chaint úd a thárla an lá úd, idir Bhrian agus M’lsheachlainn? “Ní’lim ollamh anois chun catha thabhairt duit, a Bhriain,” arsa M’lsheachlainn. “Tabhair mí dhom chun mo nirt do chruinniughadh agus ansan tabharfaidh mé cath dhuit chun na h-Árdrígheachta do chosaint ort.”
Cad ’déarfadh Bolingbroke dá n-abradh an tarna Risteárd an chaint sin leis? “Ní’lim ollamh anois, a Bholingbroke, chun catha thabhairt duit. Tá mo neart sgaipithe uaim. Ní’lim ach tagaithe a leith ó Éirinn mar a rabhas a d’iaraidh smacht a chur ar mhuintir na h-Éirean. Tabhair mí dhom chun mo nirt do chruinniughadh. Ansan tabharfaidh mé cath dhuit chun mo rígheachta do chosaint ort.”--Cad é an sgeartadh gáire a dhéanfadh Bolingbroke d’á n-airigheadh sé caint de’n tsórd san ó Risteárd! Ba dhóich liom ámhthach, go ndéanfadh Risteárd féin sgeartadh gáire ba mhó ’ná é dá n-airigheadh sé an chaint eile úd ó Bholingbroke: “Ní h-eadh, a Risteáird, ach tabharfaidh mé bliain duit chun do nirt a chruinniughadh!”
Ach siní díreach an saghas cainte do thárla idir Bhrian agus M’lsheachlainn i dtaobh Árdrígheachta na h-Éirean, agus níor chuir an chaint iongnadh ar aoinne de’n bheirt, ná ar aoinne de ríghthibh ná d’uaislibh na h-Éirean a bhí ag éisteacht léis an gcaint.
Níor thárla an chaint sin ná aon chaint d’á sórd, idir Bholingbroke agus Risteárd. Murar thárla do thárla gur thóg Bolingbroke chuige rígheacht Shasana, agus gur chuir sé Risteárd chun báis le h-eagla gó mb’ fhéidir gó dtiocfadh le Risteárd a neart do chruinniughadh agus an rígheacht a bhaint dé airís.
Do thárla an chaint idir Bhrian agus M’lsheachlainn. Má thárla do thárla gur tugadh an mí do M’lsheachlainn. Níor fhéad sé aon neart do chruinniughadh i gcaitheamh an mhí. Ansan do tugadh an bhliain dó. Níor fhéad sé aon neart do chruinniughadh i gcaitheamh na bliana ach chómh beag agus d’ fhéad sé é chruinniughadh i gcaitheamh an mhí.
Ansan do tugadh an Árdrígheacht do Bhrian----agus níor chuir Brian M’lsheachlainn chun báis. Níor chuir, ach má seadh do deineadh rígh cúige de Mh’lsheachlainn, agus bhí sé chómh maith chómh dílis de rígh cúige le h-aon rígh eile cúige d’á raibh i n-Éirinn. Bhí an Árdrígheacht ag Brian agus níor mhairbh sé aoinne chun í fhághail ná chun í choimeád.
Míle blian sar ar thárla an méid sin cainte agus an méid sin gnótha idir Bhrian agus M’lsheachlainn do thárla caint de’n tsaghas chéadna agus gnó de’n tsaghas chéadna idir dhá rígh eile a bhí i n-Éirinn an uair sin. B’iad dhá rígh iad san ’ná Conchubhar mac Neasa agus Feargus mac Róig. Bhí Feargus mac Róig ’n-a rígh ar Chúig’ Uladh. Do chuir Conchubhar mac Neasa Feargus as an rígheacht, agus dhein sé rígh ar Chúig’ Uladh dhé féin. Ansan feuch cad a thuit amach. Ar chuir Conchubhar Feargus chun báis le n-eagla go n-eireóch’ sé ’n-a choinnibh agus go gcuirfeadh sé as an rígheacht airís é? Níor chuir. A mhalairt sin ar fad iseadh do thuit amach. D’ fhan Conchubhar suidhte go daingean sa rígheacht agus bhí caradas dlúth idir é agus Feargus, agus ní raibh aon chómhairleach aige ba ghiora dh’á chroídhe ’ná Feargus, ná ba dhílse dhó ’ná Feargus, go dtí gur dhein sé féin an feall mór ar chlainn Uisnigh.
Cad ’n-a thaobh gur fhéad an dá nídh sin tuitim amach ar an aon chuma amháin sin i n-Éirinn fad ó agus an míle blian san eatartha? Ní’l ach aon fhreagra amháin le tabhairt ar an gceist sin. Sidé an freagra. Bhí i n-Éirinn, i gcaitheamh an mhíle blian san, cómhacht éigin a bhí níba threise ’ná na ríghthe. Chuir an chómhacht san fhiachaibh ar Fheargus luighe isteach i ngnó na rígheachta fé smacht Chonchubhair, agus chuir sí fhiachaibh ar Chonchubhar gan aon éagcóir a dhéanamh ar Fheargus. Chuir an chómhacht san fhiachaibh ar an mbeirt ceart a chéile dh’ admháil agus beart a dhéanamh do réir chirt a chéile. Thug san deimhne do Chonchubhar nár bhaoghal dó Feargus, agus thug san deimhne d’ Fheargus nár bhaoghal dó Conchubhar. Ó n-ár n-aithne ar Chonchubhar is deimhin dúinn, mura mbéadh a fhios a bheith aige nár bhaoghal dó Feargus, agus mura mbéadh nár bh’fhéidir dó gabháil i gcoinnibh na cómhachta a thug an deimhne sin dó, go gcuirfeadh sé Feargus chun báis tapaidh go leór.
Cad í an chómhacht í sin a chuir an smacht uathbhásach san ar an dá rígh sin an uair sin, i n-Éirinn, agus do chuir an smacht céadna ar an dá rígh eile, ar Bhrian agus ar Mh’lsheachlainn, míle blian ’n-a dhiaigh san? Ainimnighthear an chómhacht san go minic i seanachus na h-Éirean. “Firu Éirean” a tugtar ar an gcómhacht san i seanachus na h-Éirean. “Aigne na ndaoine,” nó “an aigne phoibilidhe” a tugtar i mBéarla anois ar an gcómhacht san.
Nuair a bhíon ag an bpoibilídheacht eólus agus tuisgint agus éirim aigne, agus nósa láidire daingeana, cúmtha as an eólus san agus as an dtuisgint sin agus as an éirim aigne sin le taithíghe agus le h-imtheacht aimsire, ní bhíon sé ar chumas aon duine, dá mbéadh sé ’n-a rígh seacht n-uaire, gabháil i gcoinnibh aigne agus toile na poibilidheachta san, go mór mór, ins na neithibh ar a mbíon aigne na poibilidheachta socair. D’á mhéid iad an t-eólus agus an tuisgint agus an éirim aigne, sa phoibilidheacht, iseadh is treise agus iseadh is uaisle an chómhacht, agus iseadh is iomláine a theidhean an chómhacht i bhfeidhm.
Bhí an chómhacht san i bhfeidhm i n-Éirinn i n-aimsir Chonchubhair mhic Neasa. Bhí sí i bhfeidhm i n-Éirinn i n-aimsir Bhriain agus Mh’lsheachlainn. Do chothuigh na ríghthe féin an chómhacht san i n-Éirinn mar bhí fhios acu gur bh’ é a mbuac í chothughadh agus í choimeád neartmhar. Bhí fhios acu, bíodh nár bh’fholáir dóibh bheith úmhal di i neithibh áirighthe, ná raibh nídh ar bith ab fhearr ’ná í chun a n-ughdaráis féin do chur i bhfeidhm, ar gach aon tsaghas cuma ’n-ar bh’ é a leas a n-ughdarás do dhul i bhfeidhm.
Taisbeánan an méid sin go léir go raibh i n-Éirinn fadó, ó aimsir Chonchubhair mhic Neasa go dtí aimsir Bhriain, uaisleacht phoibilidhe, agus úmhluigheacht phoibilidhe do dhlighthibh agus do nósaibh maithe uaisle, nách ró fhuiriste a leithéid a dh’fheisgint anois i n-aon treabhchas daoine d’á bhfuil suas.
Ná ropairí Gallda so a mheasfadh a chur ’n-a luighe ar dhaoinibh anois ná raibh i n-Éirinn fadó ach daoine fiaine, deinidís machtnamh ar an méid sin. Agus an chuid d’ár ndaoine féin nár chuid ba lúgha ’ná a fhonn a bhéadh ortha géilleadh d’ éitheach na ropairí sin, deinidís machtnamh ar an méid sin.