Niamh · Peter O'Leary

Chapter 14: Giollaí Turais

Bhí Tadhg Óg ua Cealla tagaithe tar n-ais go mainistir Ínse Cathaigh chun a chuid léighinn do chríochnughadh, agus bhí sé ag faire chuige gach lá feuchaint an aireóch’ sé tásg nó tuairisg ar Amhlaoibh. Lá d’á raibh sé ar an gcuma san, tímpal mí nó chúig sheachtmhaine tar éis na dteachtairí ó Leath Chuinn a bheith i gCeann Cora, tháinig teachtaireacht ó Uíbh Máine ag triall air ’ghá rádh leis dul óthuaidh abhaile láithreach, go raibh teachtairí Bhriain tar éis dul mór-thímpal chun uaisle na tíre go léir, ’ghá rádh leó bheith i gCeann Cora lá áirighthe, iad féin agus a gcongnamh fear, agus do h-ainimnigheadh an lá. D’imthigh sé abhaile. Do ghleus sé féin agus a athair oiread nirt agus d’fhéadadar, agus thánadar go Ceann Cora. Bhíodar ann i gcóir an lae a bhí ceapaithe. Níor bh’ fhada go raibh mór-shluagh láidir uasal cruinnighthe ann. Ní raibh fhios acu cad é an gnó a bhí dhíobh, ach ba chuma leó. Bhí fhios acu go raibh gnó ag Brian díobh agus gur bh’ é a ngnó féin é. Nár bhaoghal go dtabharfadh Brian ó’n mbaile iad mura mbéadh cúis mhaith a bheith aige chuige, agus gur bh’ iad féin a bhéadh beirthe ar ball le pé gnó a bhí le déanamh aige.

Na Lochlanaigh a bhí socair chun cómhnuighthe i n-Éirinn agus tar éis géilleadh do Bhrian agus d’á dhlighthibh, bhíodar ann chómh maith leis na Gaedhlaibh, agus ba mhór an bhreis iad ar neart slógh Bhriain, agus ba mhaith.

Bhí teachtairí maithe ag Brian. Giollaí turais a tugtí ortha. Fir óga luatha láidire ab eadh iad agus bhí ana chuisidheacht ag gach teachtaire acu. Fir thobhtha ab eadh iad. Mar gheall ar fheabhas a gcuisidheachta a déintí iad do thoghadh. ’N-a gcuis iseadh théidís ar theachtaireacht. Nuair a bhíodh sgéala ag Brian le cur go h-oban ag triall ar rígh éigin de ríghthibh Éirean nó ar dhuin’uasal éigin, ní dheineadh sé ach duine des na teachtairíbh sin a chomáint uaidh ag triall ar an rígh sin, nó ag triall ar an nduin’uasal san, leis an dteachtaireacht. Ghluaiseóch’ an teachtaire sin ’n-a chuis, agus níor bh’fhada go mbéadh an teachtaireacht tagaithe chun cinn.

’Na chuis iseadh dh’imthigheadh an teachtaire, ach má seadh ba luatha ’n-a chuis é ’ná fear eile ar muin capail. Nuair a théidheadh na giollaí turais sin i dtaithighe reatha ba luatha iad ’ná aon fhear capail, agus ba bhuaine. Ní sheasóch’ capal i n-aon chor le duine acu. B’fhéidir go mbéadh an capal níos géire ’ná an cuisidhe i dtusach an chúrsa, ach sar a mbéadh fiche míle curtha dhíobh acu bhéadh an capal buailte amach. Ansan iseadh bhéadh a chuisidheacht ag teacht i gceart do’n ghiolla turais, agus bhéadh trí fichid míle curtha dhé aige sar a’ mbéadh aon bhlúire tuirse ag teacht air. Ansan féin níor ghádh dhó ach sodar réidh a dhéanamh ar feadh tamail bhig agus bhéadh anál agus misneach agus a lán-rith airís aige. Ní raibh aon mhaith i gcapailibh ’n-a n-aice súd.

D’á éaghmais sin, ní raibh coill ná cnuc, gleann ná portach ná abha i n-Éirinn ná raibh aithne acu ortha go léir, agus ghabhdís gach aon chómhngar, i dtreó gur mhinic ná bíodh míle ’shlígh acu le gabháil nuair nár bhfoláir d’fhear capail gabháil, b’fhéidir, deich míle de thímpal. Ansan, is ’mó rud a chuirfeadh ríghneas ar fhear capail ná cuireadh aon ríghneas ortha súd. Bhíodh balcuisí éadtroma ortha, agus bróga éadtroma, agus is minic ná bíodh aon bhróga ortha. Bhíodh aithne ins gach aon bhall ortha, agus chómh luath agus thiocfadh tart nó ocras ortha ní bhíodh acu ach aghaidh a thabhairt ar an gcéad thigh a bhuailfeadh úmpa agus gheóbhdís a ndóthin bídh agus díghe. Dá mbéadh ortha gabháil tré dhúthaigh namhad bhéadh arm acu, arm éigin ná béadh ró throm. Nuair a neartuigh cómhacht Bhriain ní bhíodh aon ghádh le h-arm acu. Bhí fhios ag gach aoinne gur bh’iad teachtairí Bhriain iad. Níor bheag san. Is amhlaidh a bhíodh gach aoinne ag cabhrughadh leó i n-inead aon cheataighe dhéanamh dóibh. Do tugtí bia agus deoch agus onóir agus uraim dóibh mar gheall ar Bhrian, agus ní baoghal go dtugaidís aon chúis d’ aoinne chun aon ghearáin a chur isteach ortha, bhí a leithéid sin de smacht ag Brian ortha.

Bhíodh cuid des na h-uaisle b’ aoirde i n-Éirinn sa ghnó san. Thugadh an gnó eólus dóibh ar an dtír agus ar na daoine, ní b’fhearr ’ná mar a dh’fhéadfaidís a dh’fhághail ar aon chuma eile. Bhíodh foth-dhuine d’ ríogra Éirean féin sa ghnó. Do thárla, an uair seo ar a bhfuilimíd ag trácht, go raibh duine de ríogra Éirean sa ghnó. Fé cheilt, ámhthach, iseadh bhí sé sa ghnó. Donn ab ainim dó, Donn mac Beathach. Ó’n dtaobh thiar theas de’n Mhúmhain ab eadh é agus mac rígh ab eadh é. Ó bhí sé deich mbliana d’aois do tugadh fé ndeara go raibh cuisidheacht uathbhásach aige. Nuair a bhí sé cheithre bliana déag do bheireadh sé ar na gioraithibh ar thaobh an ghleanna, ag ruith ’n-a ndiaigh agus ’ghá gcasadh mar a dhéanfadh cú. Mar gheall ar an gcuisidheacht san a bhí aige do tugadh “Caoilte” mar leas-ainim air. Tháinig sé ag triall ar Bhrian chun go nglacfaí ameasg na ngiollaí turais é. Do glacadh láithreach é chómh luath agus do chonacthas an ruith uathbhásach a bhí aige. Ní raibh aon fhear ann a dh’fhéadfadh coimeád i n-aice leis i n-aon chor i gcúrsa reatha. Nuair a fiafraigheadh a ainim dúbhairt sé gur Caoilte ab ainim dó. Bhí tuairim acu go léir gur bh’ ainim bréige an ainim sin dó, ach ba chuma leó. Bhí fhios acu, gan ach feuchaint air, go raibh fuil uasal ann.

Bhí sé chómh maith sa ghleacaidheacht agus ar na h-armaibh gaisge agus bhí aoinne d’á lucht cómhnaoíse. Fear breagh córach cumasach ab eadh é. Má bhí aon locht air b’é seo é. Déarfadh duine go raibh a chosa, ó chrománaibh go talamh, beagáinín ró fhada agus ró láidir i gcomparáid le n-a chabhail. Ach bhíodar téagartha thuas agus caol thíos, agus bhí an dá throigh ana bheag, ana theann, i dtreó go raibh neart mór agus meághchaint bheag ionta. Bhí an léim aige chómh maith agus bhí an ruith aige. An falla a bhéadh chómh h-árd leis féin do raghadh sé do léim thairis gan lámh ná cos a chur ann. Do ruithfeadh sé i n-aice capail agus do raghadh sé do léim i ndrom an chapail sin agus an capal ar cos-anáirde.

Ní raibh sé ró fhada i gCeann Cora ameasg na ngiollaí turais nuair a cuireadh amach an teachtaireacht úd. Cé curfaí siar go h-Uíbh Máine ag triall ar Thadhg Mhór ua Chealla ach Caoilte.

Chuaidh sé siar agus thug sé a theachtaireacht. Chonaic sé Tadhg Mór, agus chonaic sé teighlach Thaidhg Mhóir. Agus feuch. Chonaic sé an rígan óg. Chonaic sé Niamh. Ba bheag ná gur baineadh a mheabhair shaoghalta dhé glan chómh luath agus chonaic sé í. Chonaic sé áilneacht agus uaisleacht go minic roimis sin, i mnáibh a dhútha féin, agus i mnáibh eile i ndúthaíbh eile. Ní fheacaidh sé riamh roimis sin i n-aon mhnaoi, uasal ná íseal, aon nídh a dh’fhéadfadh sé chur i gcomparáid leis an solus áilneachta a tháinig os cómhair a shúl chómh luath agus tháinig Niamh os cómhair a shúl. Chómh luath agus d’fheuch sé uirthi do leath a dhá shúil air agus ba bheag ná gur leath a bhéal air, agus níor fhéad sé a shúile bhogadh dhi. D’fheuch sise air, agus má fheuch ní baoghal ná gur bhog sé dhi láithreach iad. D’ fheuch sé síos ar an dtalamh, agus do las sé go bun na gcluas nuair a thuig sé an tuathal a bhí déanta aige. Do labhair sise go breagh neamh-iongantach neamh-thuairimeach, agus chuir sí raint ceisteana chuige i dtaobh Bhriain agus i dtaobh na h-oibre a bhí ar siúbhal, agus i dtaobh na ríghthe agus na n-uasal eile a bhí ag teacht go Ceann Cora. Do labhair sí chómh cneasta leis agus chómh résúnta gur chuir sí a aigne chun suaimhnis i dtaobh an tuathail a bhí déanta aige.

Isé chuaidh ódheas go h-Inis Cathaigh ó Uíbh Máine chun an sgéil a dh’ innsint do Thadhg Óg. Tháinig sé féin agus Tadhg, agus tuille des na h-uaislibh óga a bhí ar sgoil na mainistreach ó Chúige Conacht, thánadar abhaile le cois a chéile. Do ghleusadar go léir iad féin i n-arm ’s i n-éide agus thugadar aghaidh ar Cheann Cora. Chuaidh Niamh go Ceann Cora i n-aonfheacht le n-a h-athair. Chuaidh a lán eile de mhnáibh uaisle na h-áite ann, leis, i n-aonfheacht le n-a muintir féin. Do rith an giolla turais rómpa chun a dh’innsint go rabhdar ag teacht agus chun áite do cheapadh agus do choimeád dóibh ’n-a bhféadfaidís longphort a chur suas dóibh féin. Ní baoghal ná go raibh sé ann sar a dtáinig puínn eile, agus ná gur shocaruigh sé ar áit dheas oireamhnach do longphort Thaidhg Mhóir uí Chealla. Níor bh’fhada go dtáinig Tadhg Mór féin agus Niamh agus an teighlach go léir, agus thug daoine fé ndeara go raibh an giolla turais ana chúramach i dtaobh longphuirt Thaidhg Mhóir.

Bhí longphort rígh Conacht eile i n-aice na h-áite ’n-a raibh longphort Thaidhg Móir uí Chealla. Bhí cuid de riogra Conacht a thug fé ndeara go raibh an giolla turais ana thiúsgalach ag cur gach aon nídh i n’ áit féin i longphort Thaidhg Mhóir uí Chealla, agus bhí raint iongnadh ortha.

Níor fágadh an giolla turais abhfad ag déanamh an tiúsgail, ámhthach. Do comáineadh chun siúbhail é ar theachtaireacht eile. Is air a glaoidhtí i gcómhnuighe nuair a bhíodh gádh le dithineas agus le cruinneas agus le géarchúis. Chuir duine éigin des na h-uaislibh leathsgéal éigin uaidh ’ghá rádh ná féadfadh sé teacht. B’éigin do Chaoilte dul ag triall air agus a thaisbeáint dó gur cheart dó teacht, go mbéadh sé ag déanamh díobhála dhó féin mura dtagadh sé agus a thaisbeánt dos na h-uaislibh eile go raibh sé cómh maith le h-aoinne acu chun dualgais fir do chómhlíonadh.

Nuair a bhí na h-uaisle go léir cruinnighthe bhí mór-shluagh áluinn uasal acfuinneach ag Brian. Níor mhiste “gasra nár dhóich” a thabhairt ar an mór-shluagh san, mar a tugtar sa tsean amhrán. Ó thusnuighdar ar theacht bhí Meargach Gabha agus a raibh de cheártanaibh an tsaoghal aige ag obair go dian ag déanamh arm agus ag deisiughadh arm. Tháinig gaibhní i n-aonfheacht leis an muintir a tháinig. Mura mbéadh san níor bh’fhéidir do Mheargach teacht ar an obair. Na gaibhní a tháinig, ámhthach, is amhlaidh a luíghdar isteach sa n-obair a bhí ar siúbhal, i dteannta na ngaibhní a bhí ann rómpa, agus do stiúruigh Meargach an obair go léir. B’shin mar ba thúisge a bhí an obair go léir críochnuighthe. Do críochnuigheadh an obair go léir fé dheire agus do sguireadh na longphuirt agus do ghluais an mhór-shluagh chun bóthair.