Niamh · Peter O'Leary

Chapter 13: Fágtar Fúm-Sa Féin É

Níor cuimhnigheadh a thuille ar Amhlaoibh ná ar an mbréig a bhí innste aige, ná ar an eochair. Do ghluais an Legáid agus Colla agus an gabha, chómh tiugh agus d’fhéadadar cóir iompair a dh’fhághail, soir airís go Ceann Cora. Fuaradar Brian agus Murchadh agus Dúlainn Óg agus Gormfhlaith i gcómhairle, istigh i seómra leó féin, agus na h-Ultaigh i seómra eile ag feitheamh le freagra. Chómh luath agus tháinig an Legáid isteach do chuir Brian fáilte roimis agus d’inis sé bunús an sgéil dó agus d’iar sé cómhairle air.

“Ní’l agam le tabhairt duit, a rígh,” arsa’n Legáid, “ach an t-aon chómhairle amháin. Isé M’lsheachlainn an t-Árdrígh. Isé Árdrígh Éirean é i láthair na h-uaire seo ’n-a bhfuilimíd ag caint anso. Beart éagcóra iseadh é chur as an Árdrígheacht. Gabhan an éagcóir sin i gcoinnibh dlíghe Dé. Má tá Leath Chuinn cortha de Mh’lsheachlainn cuireadh Leath Chuinn féin as an Árdrígheacht é. Ansan má’s toil le fearaibh Éirean Árdrígh a dhéanamh de Bhrian deinidís é. Ní bheidh Brian ag déanamh éagcóra ar aoinne an uair sin má ghlacan sé an Árdrígheacht. Má géilltear anois dos na maithibh seo atá tagaithe anso ó Chúig’ Uladh raghaid siad abhaile agus neósfaid siad do gach aoinne gur géilleadh dóibh. Beidh sé i mbéal gach aoinne go bhfuil Brian le bheith i n’ Árdrígh. Pé áit ’n-a bhfuil cáirde Mh’lsheachlainn ar fuaid na h-Éirean glacfaid siad arm láithreach, agus glacfaid cáirde Bhriain arm láithreach. Beid fir Éirean ’n-a dhá gcamtha agus iad ag marbhughadh a chéile. Loitfear agus leighfear i n-aon lá amháin a bhfuil de thairbhthe déanta ag Brian i n-Éirinn ó’n gcéad lá a thóg sé claidheamh.”

Do labhair Dúlainn.

“Is maith í do chaint, a Thighearna Easboig,” ar seisean, “agus is eagnaidhe, ach tá cúpla rud agus níor thugais aghaidh ortha. Má curtar abhaile na daoine seo atá tagaithe anso ó Chúig’ Uladh chúghainn, gan aon tsásamh i n-aon chor a thabhairt dóibh, cad is dóich leat a dhéanfaid na daoine a chuir anso iad? Is dóich liom-sa go bhfuil fhios agam cad a dhéanfaid siad. Raghaid siad i gcómhairle. Neósfar dóibh ná glacfadh Brian an Árdrígheacht. Déarfaid siad-san: ‘Tá go maith. Ní’l againn ach Árdrígh éigin eile do sholáthar. Ní choimeádfaimíd M’lsheachlainn a thuille pé cuma ’n-a mbeidh an sgéal againn.’ Curfar na teachtairí céadna so ag triall ar fhear éigin eile, ar fhear éigin ná fuil ábalta ar Ghaedhlaibh Éirean do ghleusadh fé aon smacht amháin chómh maith agus ’tá Brian ábalta air. Ansan iseadh bheidh measgán mearaidhe i gceart agat ar fhearaibh Éirean. Ansan, ní ’n-a dhá gcuid a bheid fir Éirean agat ach ’n-a dtrí codaibh, ’n-a gceithre codaibh, agus iad ag marbhughadh a chéile, agus ní fios cathin a déanfar aon neart amháin airís díobh. I dtaobh éagcóra: ní h-éagcóir ar rígh ná ar Árdrígh má ’s toil le n-a dhaoine féin é chur i leith taoibh toisg gan an gnó a thugadar le déanamh dó a bheith aige ’á dhéanamh dóibh do réir a dtoile. Mura h-éagcóir d’á dhaoine féin M’lsheachlainn do chur as an Árdrígheacht ní h-éagcóir do Bhrian an Árdrígheacht do ghlacadh.”

Do stad sé agus do shuigh sé. Chuaidh a chaint i bhfeidhm go h-ana dhaingean ar a raibh ag éisteacht leis. Níor chuimhnigh aoinne acu, go dtí gur labhair sé, ar cad a thuitfeadh amach dá n-iartí ar dhuine éigin eile teacht sa n-Árdrígheacht i n-inead Mh’lsheachlainn.

“B’fhéidir,” arsa Murchadh, “gur mhaith an rud glaodhach isteach anso ar na teachtairíbh seo agus a rádh leó a dh’innsint dúinn go h-iomlán cad ’tá uatha. D’innseadar cheana é, ach is nídh é seo nách misde mórán cainte dhéanamh ’n-a thaobh. Anois an t-am chun na cainte dhéanamh. Is fearr feuchaint ar an uile thaobh de’n sgéal anois ’ná b’fhéidir dearmhad a dhéanamh nár bh’fhéidir a leigheas ar ball.”

Do glaodhadh isteach ortha.

“Ba mhaith linn, a uaisle,” arsa Brian, “go neósfadh sibh anso airís, i láthair an Easboig, an toisg a thug sibh, agus na cúiseana a bhí ag an muintir a chuir chúghainn sibh le sibh a chur chúghainn.”

D’ innseadar airís cad a thug iad. Go raibh sé buailte isteach i n-aigne na poibilidheachta go léir lastuaidh ná béadh rath ná séan ar Éirinn go dtí go mbéadh Brian i n’ Árdrígh ar Éirinn. Go raibh M’lsheachlainn maith go leór mar rígh cúige, ach gur léir do gach aoinne ná raibh an acfuinn aigne ann, ná an éirim aigne, ná an cumas gnímh, ba cheart a bheith i n-Árdrígh Éirean. Ná raibh aon fhear beó go raibh na tréithe sin ann an uair sin chómh láidir agus bhíodar i m Brian. D’á bhrígh sin gur bh’ éagcóir ar Éirinn gan Brian a bheith i n’ Árdrígh uirthi. Go raibh fir Éirean ceapaithe ar Bhrian do chur sa n-Árdrígheacht dá dtoiligheadh Brian féin chuige.

Ansan d’ áirighdar na cineacha agus na tuatha agus na treabhchasaí, ní h-amháin i Leath Chuinn ach ar fuaid na h-Éirean go léir, a bhí ar an aigne sin.

Nuair a bhí deire ráidhte ag na teachtairíbh do labhair Brian.

“Beirig libh abhaile, a uaisle,” ar seisean, “ag triall ar an muintir a chuir anso sibh, an freagra so. Glacfad-sa an Árdrígheacht má thoilighean M’lsheachlainn chuige, agus is mé féin a raghaidh síos ag triall air agus a chuirfidh chuige an cheist. Socarófar an sgéal idir mise agus M’lsheachlainn agus ní gadh d’ aoinne eile beó a thuille cainte dhéanamh ’n-a thaobh.”

Níor labhair aoinne eile. Do h-ollamhuigheadh dínnér mór dos na teachtairíbh agus do deineadh cúram mór díobh ar feadh trí lá agus trí oídhche, agus ansan d’ fhágadar slán agus beannacht ag Brian agus agá theighlach, agus d’ imthighdar óthuaidh abhaile.

Nuair a bhíodar ar an slígh ag dul abhaile bhíodar ag machtnamh ar an bhfreagra a bhí fághalta acu ó Bhrian, ach dá mbeidís ag machtnamh go ceann bliana air ní fhéadfaidís aon tuairim a thabhairt do cad a thiocfadh as, agus ’n-a theannta san a’s eile níor bh’ fhéidir dóibh aon locht fhághail air. Ní lúgha ’ná mar fhéadfadh an Legáid aon locht fhághail air. Ní lugha ’ná mar a dh’ fhéadfadh M’lsheachlainn féin aon locht a dh’fhághail ar an bhfreagra dá n-airigheadh sé é, agus is dócha gur airigh. Do ghlacfadh Brian an Árdrígheacht—ach ní ghlacfadh sé í i gcoinnibh toile Mh’lsheachlainn féin. Cad é an locht a bhí le fághail ag aoinne air sin?

Chuir an freagra san cosg láithreach leis an bhformad ar ar thrácht an Legáid. Ní raibh aon nídh chun carad Mh’lsheachlainn agus cáirde Bhriain do chur i gcoinnibh a chéile, mar do choimeád an freagra an gnó go léir idir Bhrian agus M’lsheachlainn féin. Ní raibh aon bhaoghal go raghadh aoinne ag tairisgint na h-Árdrígheachta d’aon fhear eile, mar ní dúbhairt Brian lom díreach ná glacfadh sé féin í. Ní raibh ag daoine ar gach taobh le déanamh ach a suaimhneas a cheapadh agus fanmhaint go bhfeicfidís cad a dhéanfadh Brian.

D’imthigh Colla agus an Legáid siar go h-Inis Cathaigh. D’fhiafraighdar cá raibh Amhlaoibh. Ní raibh aon tuairisg air. D’imthigh lá agus d’imthigh dhá lá, agus níor tháinig sé. D’imthigh seachtmhain agus níor tháinig sé. Do cuireadh teachtaire soir go Ceann Cora feuchaint a’ raibh sé ann. Ní raibh. Do ghluais tuille aimsire agus níor tháinig sé. Ansan tháinig neithe eile agus gnóthaí eile crosta ar an mainistir agus ar na manaigh, agus d’imthigh Amhlaoibh as a gceann. Ní raibh aon fhios acu ar ghuid na cailíse. Níor bh’ aon iongnadh ró mhór leó ógánach a dh’imtheacht mar sin leis féin as an mainistir. Nídh ab eadh é do thuiteadh amach anois a’s airís. Nuair a thuiteadh sé amach ní bhíodh cathughadh ró mhór ortha ’n-a thaobh. Dar leó “b’fhearr teitheadh maith ’ná droch sheasamh.” Agus d’á luathacht a deintí an teitheadh b’eadh b’fhearr é, dar leó, ó bhí sé le déanamh i n-aon chor. Dar leó, ba thruagh nár theith Amhlaoibh sar ar deineadh deacon dé.

Níor ghlac Tadhg Óg ua Cealla an sgéal chómh neamh-chorbhuaiseach san. Ní raibh aon fhios aige ar ghuid na cailíse ach chómh beag le h-aoinne des na manaigh, ach ní áiteóch’ an saoghal air gur bh’ amhlaidh a theith Amhlaoibh. Dar leis, má bhí Amhlaoibh beó thiocfadh sé thar n-ais chun na mainistreach mura mbéadh go raibh rud éigin ’á chosg ar theacht thar n-ais. Thoir i gCeann Cora do chonacthas go déanach é.

“Raghad soir,” ar seisean, “agus labharfad leis an mBanríghin agus má tháinig aon tuairisg ó n-a mhuintir a chuir fhiachaibh air cuaird a thabhairt abhaile neósfaidh sí dhom é. Bhí sí ana mhór leis. Má tá aon droch nídh imthighthe air ní fheadar cad a dhéanfad.”

Is ar éigin fhéadadh sé aon bhlúire bídh a chaitheamh ná aon neul de’n oídhche do chodladh. D’imthigh sé soir. Fuair sé caoi ar chaint le Gormfhlaith. Bhí sí go h-ana shéimh leis, agus bhí sí go h-ana bhuartha mar gheall ar gan aon tuairisg a bheith aige ar Amhlaoibh. Ní raibh aon tuairisg i n-aon chor aici féin air. Mheas sí, nídh nár bh’iongnadh, go raibh sé thiar sa mhainistir. Chuir sí a lán ceisteana chun Taidhg ’n-a thaobh. Ar thug sé fé ndeara le déanaighe go raibh aon nídh ag déanamh aon bhuartha dhó? An raibh aon trioblóid idir é féin agus Colla mar gheall ar aon rud? Ar tugadh aon mhilleán dó mar gheall ar aon nídh? Chuir sí a lán ceisteana de’n tsórd san chuige, agus thug sé fé ndeara go bhféachadh sí ana ghéar air le linn gach ceiste ’chur.

Bhí an chuaird sin i n-aistear. Níor fhéad Gormfhlaith aon tsásamh aigne thabhairt dó. Siúd óthuaidh go h-Uíbh Máine é feuchaint a’ bhfaghadh sé aon tuairisg ann. Chomh luath agus chonaic Niamh é ba bheag nár thuit sí i laige, bhí sé ag feuchaint chómh h-olc san.

“Airiú, a Thaidhg,” ar sise, “cad d’imthigh ort!”

D’inis sé dhi.

“Is dócha,” ar seisean, “gur b’ amhlaidh atá sé marbh, agus cad a dhéanfad!” agus siúd caise deór anuas ó n-a shúilibh.

Do leig sí dhó ar feadh tamail, agus ní tirim a bhí a súile féin. Fé dheire do labhair sí.

“Má tá sé beó, a Thaidhg,” ar sise, “agus má tá cion chómh mór san agat air, ní mar sin is ceart duit an cion a thaisbeáint.”

“Agus cad tá le déanamh agam, a Niamh?” ar seisean.

“Cuir daoine amach ar a thuairisg,” ar sise, “agus geall luacht-saothair maith do’n t-é a thabharfaidh tuairisg chúghat air. Ní h-é mo thuairim féin go bhfuil aon droch nídh tar éis imtheacht air. Fear ró ghasta iseadh é. Ní dóich liom go bhfuil aon namhaid aige.”

“Ní fheadar an tsaoghal,” arsa Tadhg, “cad é an gnó a bhí soir go Ceann Cora aige an lá a chuaidh Colla agus an t-Easbog soir ann. Chonaic Colla ann é ach ní fheacaidh aoinne ag dul ann é ná ag teacht as.”

“Cuir t’ aigne chun suaimhnis, a Thaidhg,” ar sise. “Ní’l baoghal air. Tá fios a ghnótha féin aige. Má tá oiread ceana aige ort agus ’tá agat air tiocfaidh sé thar n-ais chúghat chómh luath i n-Éirinn agus d’fhéadfaidh sé teacht.”

Chuir Tadhg amach an lucht cuardaigh agus gheall sé an luacht-saothair dóibh, ach níor tháinig aon tuairisg ar Amhlaoibh. Ach tháinig tuairisg nár bh’é. Tháinig tuairisg ó Cheann Cora, agus chuir an tuairisg sin gach aon rud eile soir siar.