Thug Colla agus an Legáid agus Tadhg Óg ua Cealla agus Amhlaoibh aghaidh siar ar Inis Cathaigh. Ar loing iseadh chuadar síos ó Luimneach. An fhaid a bhíodar ar an slígh bhí an bheirt ógánach thuas ar bórd agus bhí Colla agus an t-Easbog thíos i seómra leó féin. Bhíodar ag caint.
“Ní maith a thaithnean an Bhanríghin liom, a Cholla,” arsa’n Legáid. “Cuirean sí i gcuimhne dhom focal adúbhairt duine d’ bhúr naoimh.”
“Má chuir sí caint naoimh i gcuimhne dhuit, a Athair,” arsa Colla, “nár chóir go dtaithnfeadh sí leat?”
“Sdó, isé rud adúbhairt an naomh ’ná gur ‘mairg a dh’fheuchfadh go dlúth i n-aghaidh mná le h-eagla go bhfeicfeadh sé a diabhal coímhdeachta.’ Tá ‘diabhal coímhdeachta’ ag Gormfhlaith. Chonac é go minic i gcaitheamh na h-oídhche aréir. Tá eagal orm go bhfuil fhios aici go bhfeaca é. An airighean tú leat mé, a Cholla,” ar seisean. “Tabharfaidh an bhean san nimh do Bhrian nó do Mhurchadh nó dóibh araon mura ndéanfar iad do chosaint go maith uirthi!”
“Ní fheicim conus a bhéadh aon tairbhthe ag teacht chúichi ó n-a mbás san, a Athair,” arsa Colla.
“B’fhéidir,” arsa’n Legáid, “go bhfeicean sí féin é, nó b’ fhéidir gur dóich léi go bhfeicean. Ba cheart rud éigin a dhéanamh a chuirfeadh as a cumas aon díobháil a dhéanamh do’n rígh. Bhéadh an sgéal go h-olc ag Éire agus ag an Eaglais i n-Éirinn anois dá n-imthigheadh aon rud ar Bhrian, go ceann tamail eile pé ’n-Éirinn é.”
“Cad is dóich leat ba cheart a dhéanamh, a Thighearna Easboig?” arsa Colla.
“Ná féadfaí gan leigint do Bhrian bia ná deoch do ghlacadh a’ láimh aoinne ach duine áirighthe éigin go mbéadh iontaoibh as?”
“Is dócha go bhféadfaí,” arsa Colla.
“Deintear san láithreach. Ní gádh aon droch amhras a chur ar aoinne. Ní’l aon rígh ná déinean a leithéid. Tá mná ann, a Cholla, agus tá eólus acu ar conus duine chur chun baís le nimh ar chuma ná fágfadh aon chaoi ar thrúig bháis an duine sin a dh’fhághail amach go deó. Do chonac-sa cuid des na mnáibh sin. Chonac an diabhal coímhdeachta a bhíodh acu, díreach mar a chonac diabhal coímhdeachta Ghormfhlaith aréir. Chonac an duine ar a raibh an paor. Níor ró fhada an aimsir ’n-a dhiaigh san go dtí go raibh an duine sin ar an slígh. Ná dein aon righneas.”
“Ní dhéanfad, a Athair,” arsa Colla. “Raghad soir go Ceann Cora amáireach agus labharfad le Murchadh. Ar mhiste dhom a rádh, a Athair, gur tusa thug an foláramh dom?”
“Ní miste,” arsa’n Legáid, “ach dein mar seo é. Abair go ndúbhart ná fuil aon rígh ná déinean beart mar a deirim chun é féin a chosaint ar nimh.”
“Tá go maith, a Athair,” arsa Colla. “Conus a thaithn an chuid eile de’n chuideachtain leat, a Athair?” ar seisean.
“Go maith,” arsa’n Legáid. “Tá nósa agus béasa agus slíghthe agaibh ná fuil taithíghe agam-sa ar a sórd. Ach measaim, dá mbéadh taithíghe agam ortha ná faghainn aon locht ortha. Bainid siad geit a’ duine nuair a chíon sé iad an chéad uair. Níor chuir aon rud riamh oiread iongnadh orm agus do chuireabhair go léir orm i dtusach na h-oídhche aréir. Is dóich liom go rabhabhair go léir ar leath-mheisge. Bhí teinneas am’ cheann ó’n ngleó agus ó’n bhfothram a bhí ar siúbhal. Ansan, ar leagadh na súl bhíobhair go léir ar bhúr nglúinibh chun beannacht an Phápa dh’ fhághail uaim airís! Mura mbéadh feabhas na h-aithne atá agam oraibh déarfainn gur ag magadh fúm a bhíobhair.”
“Bhíomair lom dáiríribh, a Athair,” arsa Colla. “Neart ár gCreidimh a chuir fhiachaibh orainn é sin a dhéanamh.”
“Is fíor san,” arsa’n Legáid. “Tuigim anois go maith é. Ag machtnamh dom ar an sgéal isé rud adeirim liom féin ’ná gur mhaith an bhail ar chuid againn theas dá mbéadh cuid d’ bhúr bhfothram againn agus cuid de neart bhúr gCreidimh, ar sgáth an fhothraim.”
Thánadar chun na mainistreach. D’eirigh Colla go moch ar maidin amáireach a bhí chúghainn chun dul thar n-ais airís láithreach go Ceann Cora.
“Raghad-sa leat chómh fada le Luimneach, a Cholla,” arsa’n Legáid. “Tá raint gnótha agam le déanamh ann ameasg na sagart atá ann. Tabhair dhom an eochair úd an bhosca iarainn n-a raibh an chailís agat ann.”
Thug Colla an eochair dó agus do ghluaiseadar. D’fhan an Legáid i Luimneach agus tháinig Colla go Ceann Cora. Dhein an Legáid an gnó a bhí le déanamh aige ameasg na sagart. Ansan chuir sé tuairisg Mheargaigh, an gabha a bhíodh ag déanamh na n-arm do Bhrian. Do stiúruigheadh é chun na h-áite ’n-a raibh a cheárta ag an ngabha. Ní ceárta a bhí aige ach fiche ceárta, agus gaibhní ag obair agus builg d’á séideadh agus iaran d’á losgadh agus d’á léasadh le h-órdaibh agus le casúraibh ins gach aon chúinne. Bhí claidhmhte agus tuaghana agus pící agus sleághana agus clogaid, agus gach aon tsaghas gleus cogaidh, caithte anso agus ansúd, cuid des na neithibh sin geall le bheith críochnuighthe, agus gan cuid acu ach ar éigin tusnuighthe. Bhí Meargach Gabha ag imtheacht anonn ’s anall ameasg an lucht oibre agus a shúil ar gach aon rud agus é ag órdúchán agus ag stiúrúchán, ag moladh agus ag cáineadh, fé mar a déinti an obair chun a thoile nó ar a mhalairt de chuma.
Tháinig an Legáid chun cainte leis.
“Tá obair mhór ’á dhéanamh anso, a dhuin’uasail,” arsa’n Legáid.
“Tá fághaltas oibre ’á dhéanamh ann, a Thighearna Easboig,” arsa Meargach.
Ansan do rug sé an Legáid mór-thímpal tríd an obair agus bhí sé ag taisbeáint gach aon rud dó agus ag míniughadh gach aon rud dó. Fé dheire do tharaing an Legáid an eochair as a phócha agus thaisbeáin sé dhó í.
“Feuch, a dhuin’uasail,” ar seisean, “b’fhéidir go bhféadfá macshamhail do’n eochair sin a dhéanamh dom.”
“Ambasa ach féadfad agus fáilte, a Thighearna Easboig,” arsa’n gabha. “Tá aithne mhaith agam ar an eochair sin. Is mé a dhein an eochair sin do Cholla. Fuair sé cailís ana dhaor ó Bhrian, agus d’iar sé orm-sa bosca iarainn a dhéanamh do’n chailís, agus glas a chur ar an mbosca nár bh’fheídir a dh’ osgailt ach leis an aon eochair amháin a dhéanfainn féin do’n ghlas. Ach mheasas gur chuaidh an eochair sin amú, a Thighearna Easboig,” ar seisean. “Tháinig teachtaire anso chúgham, tá suim aimsire ó shin ann, ó Cholla féin, agus dúbhairt sé liom gur cailleadh an eochair agus ná féadfaí an bosca dh’ osgailt, agus d’ fhiafraidh sé dhíom an bhféadfainn, ó m’ chuimhne, macshamhaila dhéanamh do’n eochair. Dúbhart go bhféadfainn agus do dheineas.”
“Cé r’ bh’ é an teachtaire?” arsa’n Legáid.
“Duine des na manaigh, a Thighearna Easboig,” arsa’n gabha.
“Buail anso a leith, a dhuin’uasail, i dtreó ná h-aireóchaidh aoinne sinn.”
Dhruideadar i leith taoibh.
“Níor cailleadh an eochair i n-aon chor, a dhuin’uasail,” arsa’n Legáid, “agus níor chuir Colla aon teachtaire chúghat-sa ’ghá iaraidh ort macshamhail a dhéanamh do’n eochair. An t-é a tháinig chúghat bitheamhnach ab eadh é. Tá an chailís imthighthe.”
“An chailís imthighthe!” arsa’n gabha.
“Tá sí imthighthe,” arsa’n Legáid. Agus d’inis sé tríd síos dó conus mar a bhí an chailís le tabhairt dó féin chun an Aifrinn Aoird do rádh os cómhair Bhriain agus na n-uasal, agus conus mar a fuaradh an bosca iarainn folamh nuair a h-osgaladh é.
Do stad an gabha. Níor fhan focal ann. Thuig sé láithreach gur dhein sé árd dhearmhad nuair a dhein sé an macshamhail do’n eochair gan dul síos agus labhairt ar dtúis le Colla féin. Thug an bheirt raint aimsire gan labhairt. Do labhair an Legáid.
“An aithneófá an teachtaire an dóich leat?” ar seisean.
“’Sé mo thuairim go n-aithneóchainn, a Thighearna Easboig,” arsa’n gabha. “Duine des na manaigh ab eadh é.”
“Téanam ort síos anois agus gheóbhmíd radharc ar na manaigh go léir. Buailfimíd eatartha agus iad ag déanamh a ngnótha. Ní neósfaimíd d’ aoinne cad ’tá uainn. Ní h-aon iongnadh mise agus tusa bheith ag gabháil tríd an mainistir. Déarfar gur gnó éigin a bhainean le d’ cheárd a bheidh agam ’á thabhairt duit le déanamh.”
Chuir an gabha fear eile os cionn na h-oibre, agus do ghluais sé féin agus an Legáid sios go h-Inis Cathaigh. Bhuaileadar tríd an mainistir. Bhíodar ag feuchaint ar dhóirsibh agus ar ghlasaibh agus ar bhacánaibh agus ar thuisleanaibh. Bhí an Legáid ag cur fios ar an manach so agus ar an manach úd agus é ag déanamh gach aon tsaghas ceistiúcháin ortha, agus bhí an gabha ag faire chuige. Thánadar chun an érdaim. Do glaodhadh ar an ndeacon. Ní raibh sé ann. Do rith teachtaire anso a’s teachtaire ansúd ar a lorg. Ní raibh sé le fághail. Do glaodhadh ar Thadhg Óg ua Chealla. Tháinig sé. Do fiafraigheadh dé cá raibh a chomsádaidhe.
“Dúbhairt sé go raibh sé ag dul suas go Luimneach i n-aonfheacht leat-sa, a Thighearna Easboig,” arsa Tadhg. “Ní fheaca-sa ó shin é. An amhlaidh nár tháinigh sé anuas i n-aonfheacht libh?” ar seisean.
“Níor tháinig,” arsa’n Legáid, “nó má tháinig ní fheacamair-ne ag teacht é.”
Le n-a linn sin tháinig Colla. Do fiafraigheadh dé an bhfeacaidh sé Amhlaoibh i n-aon bhall.
“Nuair a shroiseas Ceann Cora,” arsa Colla, “bhí sé ann rómham. Dúbhairt sé go raibh teachtaireacht éigin aige ’á bhreith uait-se, ag triall ar an rígh, a Thighearna Easboig. Is dócha go mbeidh sé anso sar a’ fada.”
“Is dócha é,” arsa’n Legáid. Ní dúbhairt sé a thuille. Bhí fhios aige go ndúbhairt Amhlaoibh bréag i dtaobh na teachtaireachta; nár thug sé féin aon teachtaireacht dó le breith ag triall ar an rígh.
“Tá gnóthaí móra ar siúbhal thoir i gCeann Cora,” arsa Colla.
“Cad iad na gnóthaí iad, a Athair?” arsa’n Legáid, agus chuir gach aoinne a bhí láithreach cluas air féin.
“Tá,” arsa Colla, “maithe móra a bheith tagaithe ann ó Leath Chuinn agus iad a bheith ’ghá iaraidh ar Bhrian an Árdrígheacht do ghlacadh.”
“An amhlaidh atá M’lsheachlainn tar éis bháis?” arsa’n Legáid.
“Ní h-amhlaidh, a Thighearna Easboig,” arsa Colla, “ach deir an mhuintir a tháinig go bhfuil Leath Chuinn go léir cortha de Mh’lsheachlainn agus nách foláir é chur i leith taoibh agus Árdrígh dhéanamh de Bhrian.”
“Is olc agus is dian olc an sgéal é sin,” arsa’n Legáid. “Éireóchaidh cogadh fuilteach as san má ghéillean Brian dóibh. Cad deir Murchadh?”
“Ní deir sé puínn,” arsa Colla. “Deir sé nách ceart géilleadh i n-aon chor dóibh ach ar aon choinghíoll amháin.”
“‘Ar aon choinghíoll amháin.’ Cad chuige an coinghíoll? Cad é an coinghíoll e? Conus fhéadfadh aon choingíoll ceart a thabhairt do Bhrian chun na h-Árdrígheachta!” arsa’n Legáid.
“Deir Murchadh,” arsa Colla, “nách ceart do Bhrian toiliughadh i n-aon chor chun na h-Árdrígheachta do ghlacadh mura n-iaraidh Leath Chuinn agus Éire go léir d’ aon ghuth air í ghlacadh. Agus deir Gormfhlaith go bhfuil an ceart aige.”
“Tá, an ceart aige,” arsa’n Legáid. “Ach conus a gheóbhfar amach an t-aonghuth san? Má thugan Brian aon chluas do chómhairle na n-uasal san aireófar láithreach é ar fuaid na h-Éirean go léir. Glacfaid cáirde Mh’lsheachlainn arm. Glacfaid cáirde Bhriain arm. Beidh sé ’n-a chogadh dhearg againn. Ní mór dom dul chun cainte le Brian agus le Murchadh. Téanam ort airís, a Cholla. Go gcuiridh Dia ár ríghthe ar a leas!”