Sgian tré chroídhe Ghormfhlaith ab eadh an uile fhocal de’n chaint sin a labhair Dúlainn an fhaid a bhí an cúntas san aige ’á thabhairt ar chath Gleanna Mháma. Ba mhaith léi, gan amhras, bheith ’n-a h-Árdrígain ar Éirinn, ach má ’seadh ní raibh aon lorg aici ar Bhrian a bheith i n’ Árdrígh. Bhí fhios aici, dá dtagadh Brian chun na h-Árdrígheachta nár ró fhada ’n-a dhiaigh san go dtí go mbéadh Murchadh i n’ Árdrígh. Bhí a leithéid sin d’fhuath aici do Mhurchadh gur thúisge léi í féin agus ar bhain léi bheith sínte fé’n bhfód ’ná é dh’fheisgint i n’ Árdrígh. Bhí gach aon tsúil aici go dtuitfeadh sé féin agus Brian i gcath Ghleanna Mháma agus go mbéadh buadh ag na Lochlanaigh ann. Ansan, dar léi, d’iompóch’ cómhacht Lochlan ’n-a lán neart ar Mh’lsheachlainn. Ní bhéadh aon bhreith aige ar sheasamh ’n-a gcoinnibh. Ní fhéadfadh sé neart fear Éirean do chur le chéile ’n-a gcoinnibh. Do buadhfaí air. Do buadhfaí ar ríghthibh Éirean ’n-a nduine a’s ’n-a nduine, fé mar a buadhadh ortha cheana. Ansan do bhéadh an lámh uachtair ag Lochlanaigh agus bhéadh mac Ghormfhlaith i n’ Árdrígh ar Éirinn. Siné a bhí uaithi. Chuir cath Ghleanna Mháma an méid sin go léir ar neamhnídh, agus má b’ fhíor caint Dhúlainn b’é Murchadh fé ndeár san. Má bhí fuath aici do Mhurchadh roimis sin do mhéadaigh an chaint sin an fuath. Sgian tré n-a croídhe ab eadh an uile fhocal de’n chaint.
Is ró bheag d’á chuimhneamh, ámhthach, a bhí ag Dúlainn féin ná ag aoinne de’n mhuintir a bhí ag éisteacht leis an gcaint go raibh an chaint ag gearadh an chroídhe aici ar an gcuma san. Bhí a gnúis chómh séimh, chómh glan, chómh ríoga, chómh solusmhar, chómh caoin, chómh cneasta san aici gur dhóich le duine uirthi ná raibh aon nídh ar an dtalamh so ba mhó thug de shásamh aigne dhi ’ná mar a thug an cath san Ghleanna Mháma dhi.
Ach d’á mhéid gearadh a dhein an cúntas ar a croídhe bhí aon nídh amháin ag baint leis an gcath agus thug sé raint sóláis di. Má deineadh uisge-fé-thalamh riamh do dhein sí é chun cómhacht na Lochlanach do neartughadh i gcóir an chatha san. Ach do dhein sí an t-uisge-fe-thalamh chómh cliste sin nár tháinig aon phioc d’á eólus chun Briain ná chun Murchadh, ná chun aoinne a thabharfadh dóibh aon chogar dé. Bhí iongnadh ar gach aoinne neart na Lochlanach a bheith chómh mór sa chath agus é bheith gleusta chomh maith, agus an oiread san d’fhearaibh cródha mileata a bheith tagaithe ann ó dhúthaíbh iasachta a bhí abhfad ó’n áit agus abhfad ó chéile, ach níor chuimhnigh aoinne, lasmuich de’n mhuintir a bhí ’n-a cómhairle agus ag déanamh a h-oibre, go raibh aon bhaint ag Gormfhlaith leis an nídh sin.
“Is eagal liom, a rígh,” ar sise le Dúlainn, “go bhfuil an iomad de chreideamhaint an lae sin agat d’á thabhairt do Mhurchadh, agus go bhfuil éagcóir agat d’á dhéanamh ort féin sa sgéal. Dá mb’ iad na Lochlanaigh féin iad déarfaidís, dá labhraidís, ná fuil fear ar shlóightibh Bhriain is truime buille i gcath ’ná Dúlainn Óg. Tá aithne mhaith acu ort, a rígh, agus déarfadh cuid acu gur fearr d’fhear thú ’ná Murchadh féin, agus gur maith an bhail ar Mhurchadh go minic tusa bheith i n’ aice sa spéirlinn.”
“Na daoine do labharfadh ar an gcuma san, a rígan,” arsa Dúlainn, “daoine iseadh iad nár theangbhaidh riamh i gcath le Murchadh agus nár mhothuigh a neart. Na daoine do theangbhaidh leis agus do mhothuigh an neart atá ’n-a chuislinn ní puínn acu a tháinig uaidh chun an sgéil a dh’ innsint. Gan amhras do dheineas mo ghníomh agus bhuaileas mo bhuille nuair a bhí namhaid ar m’aghaidh amach, ach ní’l aon chomórtas idir mo bhuille agus buille Mhurchadh.”
Níor bh’ aon iongnadh go ndúbhairt Gormfhlaith an chaint adúbhairt sí i dtaobh an fhir a bhí os a cómhair an uair sin. Fear córach, deagh-chúmtha ab eadh é. Bhí ualach trom gruaige ar a cheann agus í ag tuitim anuas ar a shlinneánaibh. Gruaig chiardhubh ab eadh í, agus bhíodh sí ag crith agus ag taithneamh sa tsolus le gach focal d’á labhradh sé. Bhí dhá mhalainn throma dhúbha os cionn a dhá shúl agus bhí an dá shúil sin suidhte ’n-a cheann, gan iad ró mhór ná ró bheag, agus an t-é a dh’fheuchfadh díreach ’n-a gcoinnibh níor mhaith leis fearg a dh’ fheisgint ionta. Ba dhóich leat go mbíodh sgáil éigin, agus solus éigin, coitchianta ag lasadh agus ag atharughadh ionta, fé mar a béadh gaoth agus sgamail agus solus, lá cruaidh Márta. Bhí fáibre doimhinn idir an dá mhalainn fé mar a bhéadh i n-éadan leóin, agus srón mhór fhada sheabhcaidhe chaoldromach anuas ó’n bhfáibre, agus béal láidir daingean lastíos de’n tsróin sin, béal a bhí lán d’fhiacalaibh breaghtha geala a bhí do réir a chéile go cruinn, agus gur dhóich leat go ndeinidís solus uatha féin nuair a gháireadh sé. Bhí an croméal trom ciardhubh os cionn an bhéil agus an fhéasóg throm chiardhubh chas lastíos de’n bhéal. Idir ghruaig agus mailí agus fáibre éadain agus súile agus srón agus croméal agus béal agus fiacala agus féasóg agus ceann ar fad, bhí rud éigin sa bhfear san a chuir i n-iúil duit, ar an gcéad amharc, gur mhaith an bhail ort é bheith ’n-a charaid agat, agus dá mbéadh sé ’n-a namhaid agat gur mhaith an bhail ort bheith abhfad uaidh. Bhí cosamhlacht mhór idir a cheann agus ceann leóin, agus ansan, ba léir go raibh cruadhas agus anam agus neart agus fuinneamh an leóin ’n-a chabhail agus ’n-a ghéagaibh, agus dá mba namhaid é go mbéadh sé chómh tapaidh agus chómh marbhuightheach leis an león. Bhí aithne mhaith ag na Lochlanaigh air agus siní aithne a bhí acu air, go raibh sé chómh tapaidh agus chómh marbhuightheach leis an león.
Ní gádh léiriughadh cruinn a dhéanamh ar na h-uaislibh eile a bhí ag caint agus ag cómhrádh anso agus ansúd ar fuid an halla mhóir. Bhí an folt mór fada trom ar gach aoinne, ag tuitim siar síos ar a shlinneánaibh. Thug san feuchaint ana uasal dos na fearaibh. Bhí cuid des na foltaibh odhar agus bhí cuid acu liath, agus cuid acu, ar na fearaibh críona, chómh geal le mustairt, ach ní raibh aoinne maol. Choimeádaidís an ghruaig go dtéidís sa chré, mar ní chaithidís choídhche hata ná caipín ná aon chlúdach eile ar a gceann. Isiad na hataí seo a caithtear anois a bhainean an ghruaig de dhaoine. Dá dtugtí mar thaithíghe do cheann an duine ó thusach a óige imtheacht gan aon chlúdach ach an ghruaig a chuir Dia air, d’fhásfadh an ghruaig láidir trom agus choimeádfadh sí a greim an fhaid a mhairfeadh an duine. Sin mar a déintí i n-Éirinn fadó. Níor chuir daoine hataí ná caipíní ortha go dtí gur thusnuigh nósa Shasana ar theacht chúghainn anall. Is ’mó droch nós nách hataí ná caipíní a thug muintir Shasana chúghainn.
Dá bhféadadh duine againne dul isteach an oídhche úd sa halla mór úd Bhriain, i ríghtheighlach Cheann Cora, chuirfeadh na foilt mhóra throma úd iongnadh orainn ar an gcéad amharc. Ach ar an tarna h-amharc d’ admhóchaimís ó chroídhe gur deineadh éagcóir ana throm ar cheann an Éireanaigh nuair a baineadh dé an folt áluinn uasal a chuir Dia ag fás air. Dá bhféadadh Dúlainn Óg teacht ar an saoghal airís agus feuchaint ar na plaoisgíní beárrtha atá orainne, ar na cluasaibh gan sgáth agus ar an mbaic muiníl gan díon ó’n bhfuacht, agus ar an rud i bhfuirm cana stáin, ach é bheith dubh, atá thuas ar an gcloigean mar hata, cad é an seirbhthean a chuirfidís air! “O!” a dearfadh sé, “cad ’tá imthighthe ar ár sliocht! An iad so na daoine a tháinig uainne! Nó an daor-aicme éigin iad a dh’ fhás i n-Éirinn i n-ár ndiaigh! Séanaim iad! Ní linn i n-aon chor iad!”
Dá bhféadadh Niamh, nó Gormfhlaith, nó aoinne eile des na ríganaibh uaisle a bhí sa halla mór úd Bhriain an oídhche úd, teacht ar an saoghal airís agus feuchaint ar na mnáibh atá anois againn, ar na sgiathógaibh móra leathana a bhíon ar mhullach a gcinn acu, agus ar na cleitíbh a bhíon sáidhte ins na sgiathógaibh sin, agus ar na ribíníbh a bhíon asta, cad déarfaidís? Déarfaidís an rud úd adúbhairt Cathal leis an gcleasaidhe. “Airiú, a mhic léiginn,” arsa Cathal, “cad fé ndeara dhuit bheith as do mheabhair!”
Dá dtagadh Gormfhlaith nó Niamh chughainn cheithre fichid blian ó shin ní bhéadh an sgéal chómh h-olc agus ’tá sé anois. Chífidís an uair sin na clócaí breaghtha fada dúbha ar na mnáibh, agus na caipíní deasa sásta maiseamhla ar na clócaíbh sin, i dtreó dá mb’ ar óinsigh féin a bhéadh clóca acu, agus an caipín ar a ceann aici, gur dhóich leat gur bhean chiallmhar í. Ach anois, nuair a chífidís na sgiathóga agus na cleití agus na ribíní, agus an ghluaiseacht éaganta, cad a bhéadh le rádh acu? “O!” a déarfaidís, “nách mór an truagh na mná san go léir a bheith as a meabhair! Cad fé ndeara iad a bheith ar an gcuma san?” Ansan, nuair a déarfaí leó, “Ní h-as a meabhair atáid siad i n-aon chor. Ní’l aon easba meabhrach ortha. Ní’l ins na sgiathógaibh sin ach nós a bhainean leis an aimsir seo;” déarfaidís, “Mo thruagh na fir! agus mo thruagh an chlann!”
Ansan dá n-abradh duine leó, “Isiad na fir féin fé ndeár é. Ní labharfadh aon fhear acu le cailín mura bhfeicfeadh sé an sgiathóg san ar a ceann!” Ní dhéanfaidís ach a rádh “Tá an saoghal ar buile!” agus imtheacht.
Ach ní fearr bheith ag caint air. Ní baoghal go dtiocfaid siad. Ní h-ar neithibh de’n tsórd san a bhí an bheirt ag cuimhneamh an oídhche úd. Bhí a mhalairt de chúram ortha. Bhí Gormfhlaith ag cuimhneamh ar Árdrígheacht na h-Éirean, agus ar Bhrian, agus ar Mhurchadh, agus ar a mac féin, agus ar conus a thiocfadh sí ar Mhurchadh do chur ó’n Árdrígheacht agus ar an Árdrígheacht do chur i n-áirighthe d’á mac féin. Bhí Niamh agus a dritháir agus an chuid eile des na mnáibh óga agus des na fearaibh óga ag rince, agus an ceól d’á spreagadh dhóibh, agus gur dhóich le duine ortha ná raibh aon nídh fé bhun Dé ar an dtalamh so ag déanamh aon chúraim dóibh ach an ceól agus an rince agus an t-aoibhneas a bhí ansúd ’n-a dtímpal. Ach bhí. Bhí Niamh ag rince le n-a dritháir ar feadh tamail, agus le Murchadh ar feadh tamail. Agus bhí sí ag rince le h-Amhlaoibh, le h-adhbhar an tsagairt, ar feadh tamail. Bhí sí chómh séimh, chómh gealgháiriteach le h-Amhlaoibh agus a bhí sí le h-aoinne des na h-uaislibh óga a bhí ag rince léi. Ach an dá mhachtnamh úd, d’á mhéid a dhein sí breithniughadh ortha iseadh ba ghlaine a theip uirthi iad do thabhairt d’á chéile. Agus bíodh gur choimeád sí a h-aigne aici féin go beacht bhí daoine láithreach, agus níor bheagán daoine é, a chuimhnigh ’n-a n-aigne, nuair a chonacadar an bheirt agus iad araon chómh dathamhail, chómh séimh, chómh h-uasal ar gach aon tsaghas cuma, gur bh’ áluinn ar fad an lánmha a dhéanfaidís, agus gur mhór go léir an truagh sagart a dhéanamh d’ Amhlaoibh. Bhí daoine ann, ámhthach, adúbhairt a mhalairt sin. Bhí fir óga ann agus nuair a chonacadar é féin agus Niamh ag rince dúbhradar d’á luathacht a críochnófaí ’n-a shagart é gur bh’ eadh b’ fhearr é. Bhéadh sé as an slígh ansan. Agus bhí cailíní óga uaisle ann agus bíodh go ndúbhradar ’n-a n-aigne féin gur mhór an truagh sagart a dhéanamh dé, b’ fhearr leó seacht n-uaire é dh’fheisgint ’n-a shagart ’ná é dh’fheisgint ag Niamh.
Chómh fada agus a theidhean sgéal de’n tsórd san ní h-é mo thuairim go bhfuil aon atharughadh tagaithe ar Gaedhlaibh Éirean. Fé-s na foltaibh breaghtha fada troma, nó fé-s na hataíbh ar na cloigeanaibh beárrtha agus fé-s na sgiathógaibh agus na cleití, tá an nádúr céadna díreach ionainn chómh fada agus a theidhean sgéal de’n tsórd san.
Ach do ghluais an oídhche, ar cos-anáirde, díreach fé mar a ghluaiseoch’ oídhche de’n tsórd anois. Tháinig an lá agus do sgaip an chuideachta, gach aoinne fé dhéin a thíghe féin. Thug Tadhg Mór ua Cealla agus Niamh aghaidh siar óthuaidh ar Uíbh Máine. Bhí, mar a dúbhradh, teipithe glan ar Niamh an dá mhachtnamh úd a thabhairt d’á chéile. Isé rud a dhein sí ’ná iad araon do dhíbirt ar fad as a h-aigne agus as a croídhe, agus í fein do thabhairt suas do Dhia.
“Is cuma liom an domhan,” ar sise ’n-a h-aigne féin agus í ag socarughadh a h-athar agus ’ghá ollamhughadh i gcóir an bhóthair. “Is cuma liom an domhan ó tá m’ athair agam. Ní fhéadfaidh sagart ná bráthair m’ athair a bhaint díom. Is fearr d’ fear é ’ná aoinne acu íseal ná uasal. Is measa liom a lúidín ’ná dá n-imthígheadh sé siúd, agus an chuid eile acu, le fánaigh na h-abhan! Cad é sin dómh-sa cad é an cor a thabharfaidh sé siúd dó féin! Má déintear sagart dé tá súil agam go ndéanfaidh sé sagart maith. Ní baoghal dó go ndéanfad-sa aon chur isteach air ná go dtiocfad idir é agus Dia. Ní ró mhaith a thaithnean an sgéal i n-aon chor liom. Dá mbéinn i gcás Cholla ba dhóich liom gur bh’fhearr liom a chúram a bheith ar dhuine éigin eile.--Go gcuiridh Dia ar ár leas sinn go léir!”