Niamh · Peter O'Leary

Chapter 10: Dúlainn Óg

Tháinig an t-am chun dul isteach i halla an rince. D’iar Brian ar an Legáid athlughadh. Do dhein. D’ fhreagair an chuideachta go léir. Ansan d’eirigh an rígh agus an chuideachta agus chuadar go dtí an halla mór, halla an rince. Tháinig an t-aos ceóil. Do spreagadh suas an ceól. Do leath an chuideachta iad féin mór-thímpal an halla. Ba ghearr go raibh na daoine óga ag rince agus na seandaoine ag caint ’n-a mbuidhnibh beaga anso agus ansúd. Bhí Brian agus an Legáid i n-aice ’chéile agus iad ag caint ar a lán neithe a bhain le gnóthaíbh rígheachta na h-Éirean agus le gnóthaíbh Creidimh i n-Éirinn. Bhí Gormfhlaith agus Colla agus Tadhg Mór ua Cealla i n-aice ’chéile agus iad ag trácht ar a lán neithe nár chuir aoinne acu puínn suime ionta. Tháinig Dúlainn Óg ag triall ortha agus níor bh’ fhada go raibh caint a ndóthin ag an gceathrar san, Dúlainn ag áireamh na ngníomhartha a dhein Brian agus na ngníomhartha a dhein Murchadh ar na Lochlanaigh i gcath Gleanna Mháma, agus Colla ag ceistiúchán air. Bhíodh Dúlainn i n-aice Mhurchadh i gcómhnuighe ins na cathanaibh, agus nuair bhíodh an namhaid ’n-a dtímpal thugaidís a dhá ndrom le n-a chéile agus chosnaidís iad féin go dtí go dtagadh congnamh chúcha. Ní h-ar a ghníomharthaibh féin, ámhthach, a dheineadh Dúlainn puinn cainte. Ar ghníomharthaibh Mhurchadh ba mhaith leis bheith ag caint.

“Lá uathbhásach ab eadh an lá san Ghleanna Mháma,” ar seisean. “Na fir ba thréine a bhí ar chlannaibh Lochlan bhíodar sa chath san. Bhíodar lán deimhnightheach go mbuadhfaidís. Bhíodar socair air. Bhíodar ceapaithe air. Bhí a n-aigne socair go daingean acu ar bhuachtaint nó ar thuitim. Ní fheaca riamh a leithéid de neamhshuim i mbás agus chonac i n-ár namhaid an lá san. Chómh tiugh agus thuiteadh an fear bhíodh fear i n’ inead. Tá an méid seo agam-sa le rádh, agus deirim é mar do chonaic mo dhá shúil é. Mura mbéadh Murchadh bhí Gleann Mháma ag na Lochlanaigh.”

“Is mór an focal é sin, a Dhúlainn,” arsa Gormfhlaith.

“Is mór an focal é, a rígan, agus is fíor é. D’admhuigh na Lochlanaigh féin é, an méid a bhí beó dhíobh tar éis an chatha. Bhí an cath ar siúbhal ar feadh cúpla uair a’ chloig nó mar sin. Bhíomair ag brúth ortha agus bhíodar-san ag brúth orainn, agus bhí sé ag teip ar aon taobh an taobh eile do chur oiread agus órlach i ndiaigh a gcúil. Bhí na fir ag tuitim ar gach taobh. Ní buailtí buille ná tuiteadh fear leis, ba dhóich leat. Do shocaruigh Brian agus Murchadh agus tuille againn ar bhriseadh isteach tré n-a lár. Do dhúnamair chun a chéile agus bhrúghmair isteach. Do leagamair raint acu agus bhriseamair bearna ionta, agus bhíomair ag brúth amach tríd an mbeárnain. Le n-a linn sin cad a chífinn tamal beag uaim ar ár láimh chlé ach Lochlanach mór mileata agus bearna briste amach aige tré n-ár sluagh féin, agus é féin agus na Lochlanaigh a bhí i n’ aice ag gabháil amach go tiugh ann, agus iad ag leagadh ár ndaoine rómpa agus ar gach taobh díobh. Bhí an Lochlanach níob’ aoirde go mór ’ná aon fhear eile a bhí i n’ aice, de Ghaedhal ná de Lochlanach. Gach aon uair a thagadh a chlaidheamh anuas do thuiteadh fear. Ní raibh aoinne ábalta ar sheasamh ’n-a láthair. Chonaic Murchadh é. Do léim sé siar as an mbearnain a bhí déanta againne, agus siúd fé dhéin an fhir mhóir é. Do leanas féin é. Bhí an dá chlaidheamh aige ’n-a dhá láimh. Thug sé aghaidh ar an bhfear mór. Do thóg an fear mór a chlaidheamh agus tharaing sé a bhuille. Do ghaibh Murchadh an buille ar an gclaidheamh a bhí sa láimh chlé aige, agus sa n-am gcéadna díreach do chuaidh claidheamh na láimhe deise tré chroídhe an fhir mhóir. Ní fheaca riamh gníomh chómh deas. Aon ghníomh amháin ab eadh an dá ghníomh, an chosaint leis an láimh chlé agus an sádh leis an láimh ndeis. Dá bhfeicfeá an fear mór déarfá gur bh’uathbhásach an neart nár bhfoláir a bheith sa chuislinn a ghlac an buille agus nár lúb fé’n mbuille. Déarfá gur mhór an gníomh a dhein an fear a chosain an buille sin. Ach dhein sé an gníomh eile le linn an ghnímh sin a dhéanamh. Chuir sé an claidheamh eile tré chroídhe an fhir mhóir. Ní raibh aon choinne i n-aon chor ag an bhfear mór go dtiocfadh an chosaint agus an sádh i n-aonfheacht air. Ní raibh aon chuinne aige go raibh sé i gcuislinn an fhir a bhí os a chómhair an chosaint a dhéanamh, gan bac d’aon tsádh dhéanamh. Chuir an chosaint iongnadh air, agus chuir an sádh alltacht ar fad air. Ní raibh uain aige, sar ar imthigh an t-anam as, ach ar a rádh, ‘Is tú an fear is fearr a bhuail riamh umam!’ Chuir an gníomh dúbalta san sgannra ar na Lochlanaigh eile a bhí ar an láthair. Do tharaingeadar siar. Tháinig buile misnigh ar ár bhfearaibh féin agus bhrúghdar amach. Bhriseamair an tarna bearna rómhainn amach. Cad a chífinn ansan ach ár neart féin ag géilleadh do neart na Lochlanach, tamal soir ódheas ar ár ndeis. Siúd siar Murchadh agus mé féin airís agus soir ódheas chun na h-áite ’n-a raibh na Gaedhil ag dul i ndiaigh a gcúil. Chómh luath agus chonacadar ag teacht sinn tháinig náire ortha agus sheasuighdar an fód. Um an dtaca ’n-ar shroiseamair iad is ag brúth amach a bhíodar i n-inead bheith ag dul i ndiaigh a gcúil. Bhíodar ar buile chúcha féin a rádh go bhfeacaidh Murchadh ag dul i ndiaigh a gcúil iad. Tháinig, ba dhóich leat, dúbailt nirt ionta. Bhrúghdar rómpa an namhaid, agus ba dheacair é. Bhí na fir ag tuitim chómh tiugh le grean ar gach taobh. Bhí na cuirp ’n-a gcruachaibh anáirde ar a chéile. Is anáirde ar na cruachaibh sin a chaitheamair seasamh agus sinn ag brúth ar an namhaid agus ’ghá leagadh. Bhrúghmair rómhainn iad. Chuireamair cruach dínn. Ansan chuireamair cruach eile dhínn. Mheasas go gcaithfimís iad go léir a mharbhughadh sar a n-iompóchaidís uainn. Fé dheire d’iompuíghdar. Do theitheadar, agus do leanadh iad agus do marbhuigheadh oiread acu sa ruagairt agus do marbhuigheadh sa chath. Mura mbéadh Murchadh bhéadh a mhalairt de sgéal againn. Mura mbéadh Murchadh do ruithfeadh leis an bhfear mór úd. D’iompóch’ na Lochlanaigh isteach lastiar dínn nuair a bheimís imthighthe amach tríd an mbearnain úd. Bhéadh an ruag ar ár muintir féin ar thaobh na lámha deise agus ar thaobh na lámha clé. Ansan d’iompóch’ neart ár namhad go léir orainn agus ní thiocfadh duine againn beó as an gcath. Ansan bhéadh seilbh ag Lochlanachaibh i n-Éirinn agus bhéadh sé fuar ag M’lsheachlainn bheith ag cur ’n-a gcoinnibh. Mura mbéadh Murchadh bhéadh Éire ag Lochlanachaibh anois! Deirim leat go mbéadh. Agus deirim rud eile. Tá sé buailte isteach am’ aigne agus deirim go láidir é. Ní bheidh Éire ó bhaoghal i gceart go dtí go mbeidh Brian i n’ Árdrígh!”

“Ochón, a Dhúlainn,” arsa Gormflaith, “measaim gur maith an bhail ort gan M’lsheachlainn a bheith ag éisteacht leat.”

“Ba chuma liom an tsaoghal, a rígan,” arsa Dúlainn, “ach go bhfeicfinn tu féin thíos i dTeamhair ad’ Árdrígain ar Éirinn go léir ó Dhonchadh Dí go Tigh Mháire!”