Niamh · Peter O'Leary

Chapter 1: Imirt Anama

Sa bhliain d’ aois an Tighearna naoi gcéad cheithre fichid a ceathair do thóg Brian Bóramha Luimneach ó-s na Lochlanaigh. Do loisg sé an chathair, agus an méid des na Lochlanaigh nár marbhuigheadh agus nár tógadh ’n-a bprísúnachaibh, b’éigean dóibh teitheadh le n-a n-anam as an áit. Chuaidh cuid acu síos go h-Inis Cathaigh. Bhí seilbh ag Lochlanaigh i n-Inis Cathaigh an uair sin agus ar feadh mórán aimsire roimis sin. Bhíodar tar éis na manach a dhíbirt as an oileán agus iad féin do dhainginiughadh ann, agus bhí an áit caothamhail eidhsáideach eacrach acu, lámh le faraige agus lámh le tír. An sochar agus an saidhbhreas a bheiridís leó as an dtír mór-thímpal, le guid agus le fuadach agus le creachadh, choimeádaidís ar an oileán é go dtí go dtagadh na loingeas agus go bhféadaidís é chur soir abhaile nó é dhíol, nó é mhalairtiughadh ar bhia nó ar éadach nó ar arm, nó ar pé neithe eile a bhíodh ag teastubháil uatha.

Nuair a tháinig an lucht teithe anuas ó Luimneach agus nuair a dh’innseadar do Lochlanaigh Ínse Cathaigh cad a bhí déanta ag Brian, go raibh an chathair ’n-a luaithrigh agus a raibh de dhaoine inti marbh nó tógtha nó imthighthe gan tuairisg, shocaruighdar go léir ar an oileán do chur i dtreó chosanta chómh maith agus dob’ fhéidir é, agus ar iad féin a chosaint go h-imirt anama. Tháinig triúr curaí anuas ó’n gcathair i n-aonfheacht leis an lucht teithe. Íomhar agus Amhlaoibh agus Duíbhghean an triúr san.

Chuireadar an t-oileán i dtreó chosanta. Níor bh’fhada go raibh Brian anuas ’n-a ndiaigh. Do bhris sé féin agus a shluagh isteach chúcha ar an oileán. Do troideadh go dian ó gach taobh. Imirt anama dáiríribh ab eadh é dos na Lochlanaigh. Do briseadh agus do brúghadh agus do buadhadh ortha. Do thuiteadar ’n-a gcéadtaibh. Do fágadh a bhformhór marbh ar an oileán agus do tógadh an triúr, Íomhar agus Amhlaoibh agus Duíbhghean. D’fhág san Luimneach agus oileán ínse Cathaigh folamh ó Lochlanachaibh, agus gan aon tsúil go dtiucfadh a thuille acu chun na h-áite sin, an fhaid a bhéadh Brian beó pé ’n-Éirinn é.

Nuair a tuigeadh an nídh sin tháinig na manaigh chun an oileáin airís. Tháinig duine ana naomhtha n-ar bh’ ainim dó Colla, agus bhí sé i n’ Abb ar an mainistir, agus chuir sé gach gnó Creidimh ar siúbhal airís ann, fé chómairce Sheanáin naomhtha. Na manaigh agus na sagairt a dhíbir na Lochlanaigh as an áit thánadar airís, an méid a bhí beó acu, agus do luighdar isteach sa n-obair bheannuighthe mar ba ghnáth roimis sin. Bhí gach aon rud loitithe briste sgartálta i ndiaigh na Lochlanach. Do dhein Colla na h-áiteana a bhí beannuighthe do choisreacan airís, agus do chuir Brian chuige síos adhmad agus clocha agus aol agus saoir agus lucht ceárd, agus gach aon chóir a bhí riachtanach chun gach díobhála d’ár dhein na Lochlanaigh do leigheas, agus chun gach ar bhriseadar do dheisiughadh, i dtreó, ar ball, go raibh an áit níos fearr agus níos uaisle agus níos órnáidighe agus níos oireamhnaighe chun gnóthaí Creidimh agus chun onóra thabhairt do Dhia ann, ’ná mar a bhí sé, a déarfadh duine, sar a dtáinig aon Lochlanach riamh isteach ann.

Fé mar a bhí na manaigh ag teacht tar n-ais ann bhí na daoine, sa chómharsanacht mór-thímpal, chómh fada siar le Léim Chúchulainn agus chómh fada óthuaidh le Cill Caoí, ag cur arbhair agus éadaigh agus adhbhar teine, agus neithe de’n tsórd san, isteach chúcha ar an oileán. Do chuir Brian féin chúcha a lán neithe a bhí ag teastubháil uatha agus nár bh’ fhéidir dóibh a dh’fhághail ó-s na daoine. Chuir sé chúcha, mar bhara ar gach bronntanas eile, cailís óir a bhí tar éis teacht chuige féin ó’n Róimh, ó’n bPápa, ’ghá chur i n-iúil dó cad é an buidhchas a bhí ag an bPápa air mar gheall ar a mhór-ghníomhartha i gcoinnibh na Lochlanach, i gcoinnibh namhad an Chreidimh. Ba mhór ab fhiú an chailís sin. Ór ar fad ab eadh í, agus bhí sí téagartha, trom, agus má ba mhór ab fhiú an méid óir a bhí inti, ba mhó ’ná san ab fhiú an gréas órnáide a bhí geártha uirthi, chómh h-ealadhanta agus chómh ceárdamhail agus chómh greanta. Ach bhí nídh uirthi a bhí níba dhaoire go mór ’ná an t-ór agus an órnáid i n-aonfheacht. Bhí ag bun an chupáin uirthi, mór-thímpal, sa n-áit ’n-a raibh an cupán suidhte ar an gcois, crios de chlochaibh lóghmhara go raibh, ba dhóich leat, fuasgailt mic rígh a’ braighdineas ins gach cloch díobh. Thug Brian an chailís sin do Cholla agus do mhainistir Ínse Cathaigh, i n-onóir do Dhia agus do Sheanán naomhtha, agus ba mhór ag Colla agus ag na manaigh go léir, agus ag cléir na tíre go léir sa tímpal, an chailís sin, agus ba mhór é a mbuidhchas ar Bhrian d’á bár.

Chómh luath agus bhí na manaigh tagaithe tháinig na micléighinn. Chómh luath agus tháinig na micléighinn do cuireadh na sgoileana ar siúbhal.

Nuair a tháinig na Lochlanaigh níor fhághadar aon nídh i bhfuirm leabhair, d’ár tháinig fé n-a súilibh, gan cur sa teine nó sa n-uisge, agus ba mhar a chéile do leabhraibh na h-aimsire sin teine nó uisge, mar is ar chroicean a déintí an sgríbhinn agus do bhaineadh an t-uisge an sgríbhinn de’n chroicean chómh luath agus do fliuchtí é. Ach níor bh’ fhada go raibh leabhair a ndóthin airís acu, mar, an mhuintir a bhí ag teacht do thugadar leabhair leó ar iasacht agus ansan do sgríobhadar macshamhla, a ndóthin díobh, sar ar chuireadar abhaile na h-iasachtaí.

Níor bh’ fhada gur leath an sgéal ar fuid na h-Éirean go raibh na sgoileana ar siúbhal airís i n-Inis Cathaigh. Tháinig na h-ógánaigh ó gach aon pháirt d’Éirinn chun na sgoluigheachta dh’fhághail. Bhí ainim Cholla i mbéalaibh daoine ar fuid na h-Éirean, agus lasmuich d’oileán na h-Éirean, le méid an eóluis a bhí aige agus le doimhneacht a thuisgiona agus le feabhas an teagaisg a thugadh sé dos na h-ógánaigh. Ba ghearr go raibh na h-ógánaigh ag teacht anall ó’n oileán ar a dtugtar Sasana anois, agus adtuaidh ó Albain, agus andeas ó’n bhFrainc agus ó’n Almáinn. Clann na ríghthe agus na n-uasal isiad a thagadh. Do gheibhdís sgoluigheacht agus bia agus deoch agus díon, agus gach coimeád suas eile a theastuigheadh uatha, saor i n-aisge, gan aon tsaghas díoluigheachta, i sgolaibh na h-Éirean an uair sin. Níor bh’ aon iongnadh go dtagaidís ’n-a gcéadtaibh agus ’n-a míltibh.